Éire a fhágáil

Dul ar scor agus bogadh thar lear

Pinsean ceirde Éireannach de chuid na hearnála príobháidí

Féadfaidh sé go bhfuil tú ag fáil pinsean ceirde ó fhostóir san earnáil phríobháideach. Má tá, gearrfar cáin ar an bpinsean sa tír a bhfuil tú cónaitheach inti ó thaobh cánach de más rud é go bhfuil tú:

  • neamh-cónaitheach in Éirinn chun críoch cánach
  • agus cónaitheach i dtír a bhfuil Comhaontú um Chánachas Dúbailte aici le hÉirinn.

Féadfaidh tú iarratas a dhéanamh le haghaidh Ordú Eisiaimh ÍMAT, rud a chiallaíonn nach n-asbhainfear aon cháin Éireannach.

Féadfaidh sé go bhfuil tú cónaitheach i dtír nach bhfuil Comhaontú um Chánachas Dúbailte aici le hÉirinn. Más é, leanfar de cháin a ghearradh in Éirinn ar do phinsean.

Pinsean Éireannach de chuid na hearnála poiblí

Féadfaidh sé go bhfuil tú ag fáil pinsean Éireannach ón Rialtas nó ó údarás áitiúil. Go ginearálta, gearrtar cáin ar an bpinsean seo in Éirinn beag beann ar do stádas cónaitheachta. Féach ar alt na Seirbhísí Rialtais maidir leis an gComhaontú um Chánachas Dúbailte idir Éirinn agus an tír ar mian leat a bheith cónaitheach inti.

Ciste Scoir Formheasta (CSF) agus Cuntas Coigiltis Scoir Pearsanta (CCSP) dílsithe

Is cistí infheistíochta iar-scoir iad CSFanna agus CCSPanna dílsithe. Má thógann tú airgead amach ó cheachtar díobh, gearrfar cáin ort ag an bhfoinse, is cuma stádas do chónaitheachta. Ní eisítear orduithe eisiaimh ÍMAT i ndail leis na cistí seo.

Pinsin Stáit Éireannacha agus Pinsin Stáit Eachtrannacha

Gearrtar cáin ar Phinsin Stáit na hÉireann agus ar Phinsin Stáit Eachtracha sa tír a bhfuil tú cónaitheach inti.

Ar aghaidh: Bonn bliana scoilte sa bhliain a fhágann tú