Éire a fhágáil

Éire a fhágáil go buan

D'fhéadfá a bheith ag dul chun cónaí thar lear go buan nó ar feadh tréimhse fada ama. Mar thoradh air sin, féadfaidh sé go mbeidh tú neamhchónaitheach chun críocha cánach Éireannach. Más amhlaidh, moltar duit do shonraí teagmhála a thabhairt cothrom le dáta MoChúrsaí (más fostaí thú) nó a mhalairt trí Sheirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim(ROS).

Chun do shonraí teagmhála a athrú ar moChúrsaí, ba chóir duit:

  1. Logáil isteach ar moChúrsaí.
  2. Cliceáil ar ‘Mo Shonraí’ faoi ‘Mo Phróifíl’.
  3. Cliceáil ar 'Cuir in Eagar’ sa rannán 'Sonraí teagmhála' den leathanach.
  4. Cliceáil 'Níl mo sheoladh i bPoblacht na hÉireann'.
  5. Cuir isteach do shonraí nua agus cliceáil ‘Sábháil na hathruithe’.

Chun do shonraí teagmhála a athrú ar ROS, ba chóir duit:

  1. Logáil isteach ar ROS.
  2. Cliceáil ar 'Próifíl'.
  3. Cliceáil 'Nuashonraigh Seoladh Oifigiúil nó Gnó' ag bun an leathanaigh.
  4. Cliceáil 'Níl mo sheoladh i bPoblacht na hÉireann'.
  5. Cuir isteach do shonraí nua agus cliceáil ‘Sábháil’.
  6. Cuir isteach do phasfhocal le haghaidh ROS agus cliceáil ‘Sínigh agus Tíolaic‘.

Má tá tú ag fágáil na hÉireann agus ag cur deireadh le do phost

Má tá tú ag fágáil do phost sula bhfágann tú Éirinn, tá sé de dhualgas ar d'fhostóir deireadh a chur le d'fhostaíocht leis na Coimisinéirí Ioncaim. Mura ndéanann d'fhostóir é sin, ba chóir duit:

  1. Logáil isteach ar moChúrsaí.
  2. Cliceáil ar an rogha ‘Féach ar Shonraí Poist nó Pinsin/nó Déan iad a Scor’, faoi 'Seirbhísí ÍMAT'.
  3. Cliceáil ar ‘Post/pinsean a scor’.
  4. Cuir isteach an dáta ar tháinig deireadh le d'fhostaíocht.
  5. Cuir isteach do phasfhocal le haghaidh moChúrsaí agus cliceáil ‘Tíolaic‘.

Ordú Eisiaimh Íoc Mar a Thuillir (ÍMAT)

Má tá tú ag obair thar lear d'fhostóir Éireannach, féadfaidh sé go bhfuil tú díolmhaithe ó cháin Éireannach. Féach ar Céard is Ordú Eisiaimh ÍMAT ann? le seiceáil má tá tú incháilithe.

Neamhchónaitheoirí

Más duine neamhchónaitheach in Éirinn thú, iarrtar ort cáin Éireannach a íoc ar aon ioncam ó fhoinse Éireannach. Mar shampla, ioncam cíosa ó mhaoin Éireannach. Féach Cónaitheacht chánach le haghaidh tuilleadh eolais.  

Ar aghaidh: Dul ar scor agus bogadh thar lear