Éire a fhágáil

Dul thar lear chun dul ag obair

Féadfaidh sé go bhfuil tú ag dul thar lear chun dul ag obair ach fós cónaitheach ó thaobh cánach de in Éirinn. Má tá, beidh ort cáin Éireannaigh a íoc ar d’ioncam domhanda iomlán.

Má tá tú cónaitheach ó thaobh cánach in Éirinn, tá tú i dteideal creidmheasanna cánach iomlána.

Féadfaidh sé go mbeidh tú in ann éileamh a dhéanamh ar:

Céard a tharlaíonn má ghearrtar cáin ar d’ioncam thar lear chomh maith?

Má tá tú cónaitheach in Éirinn agus ag obair thar lear, féadfaidh sé go mbeidh ort cáin a íoc sa tír sin freisin. Má tá, féadfaidh sé go bhfuil tú i dteideal faoiseamh faoi Chomhaontú um Chánachas Dúbailte. Féadfaidh an cháin a íoctar ar ioncam i dtír amháin an cháin atá iníoctha ar an ioncam céanna sa tír eile a laghdú.

I gcúinsí áirithe féadtar creidmheas a éileamh ar an gcáin eachtrach a asbhaineadh ó ioncam fostaíochta i rith na bliana cánacha céanna. Féach an treoirleabhar Double Deduction manual chun tuilleadh eolais a fháil.

Féadfaidh sé go mbeidh tú ag obair i tír nach bhfuil Comhaontú um Chánachas Dúbailte déanta le hÉirinn. Más é, ní mór duit cáin Éireannach a íoc ar d’ioncam eachtrach tar éis an cháin eachtrach a bheith íoctha agat.

Ar aghaidh: Éire a fhágáil go buan