Asbhaint Tuillimh Eachtraigh (ATE)

Léargas ginearálta

Má tá cónaí in Éirinn ort ar chuspóirí cánach, ach caitheann tú roinnt ama ag oibriú thar lear go sealadach, féadfaidh sé go mbeidh tú ábalta ATE a éileamh. Tá roinnt coinníollacha ann nach mór duit a chomhlíonadh chun cáiliú.

Ní laghdaíonn ATE ach ioncam duine aonair chun críocha Cánach Ioncaim. Ní laghdaíonn ATE ioncam duine aonair le haghaidh Muirear Sóisialta Uilíoch (MSU) nó Árachas Sóisialach Pá-Choibhneasta (ÁSPC).

Ar aghaidh: Cé a cháilítear do ATE?