Tá ort taisteal chuig stát ábhartha chun margaí nua a lorg do earraí d'fhostóra.Fágann tú Éire ar an 8 Eanáir 2026 ag 22.00 agus sroicheann tú an tír ábhartha ag 06.00 an 9 Eanáir 2026. D’oibrigh tú ansin go dtí gur imigh tú go hÉirinn ar 11 Aibreán 2026 ag 22.00. Is é do thuarastal ná €160,000.
Caitheann tú 93 lá cáilitheach sa tír ábhartha. 23 lá in Eanáir, 28 lá i bhFeabhra, 31 lá i Márta agus 11 lá in Aibreán.
Is é an faoiseamh atá dlite:
(93 lá × €160,000) ÷ 365 lae = €40,767.
Ceadaítear duit do thuarastal €160,000 a laghdú faoi €40,767 chun críocha Cánach Ioncaim, arb é an méid níos lú. Is é do thuarastal incháinithe in 2026 ná €125,000. Is é do thuarastal chun críocha an Mhuirir Shóisialaigh Uilíoch (MSU) agus Árachas Sóisialach Pá-Choibhneasa (ÁSPC) in 2026 ná €160,000.