Asbhaint Tuillimh Eachtraigh (ATE)

Cé a cháilíonn do ATE?

Chun cáiliú le haghaidh ATE, ní mór duit oibriú i stát ábhartha ar feadh 30 lá cáilitheach ar a laghad.

Tá ort líon na laethanta cáilitheacha a oibriú le linn bliana cánach nó le linn tréimhse leanúnach 12 mhí a chuimsíonn dhá bhliain chánach.

Ní fhéadtar ATE a éileamh i leith ioncam ó oifig nó ó fhostaíocht atá inmhuirearaithe i leith cánach ar bhonn seoltáin, nó más rud é:

Cén tír atá mar stát ábhartha?

I measc na stát ábhartha, tá an Bhrasaíl, an India, an tSín agus an Afraic Theas agus:

Ón 01 Eanáir 2012 go 31 Nollaig 2025:

  •  An Rúis.

Ó 1 Eanáir 2013:

  • An Éigipt
  • An Ailgéir
  • An tSeineagáil
  • An Tansáin
  • An Chéinia
  • An Nigéir
  • Gána
  • Poblacht Dhaonlathach an Chongó.

Ó 1 Eanáir 2015:

  • An tSeapáin
  • Singeapór
  • Poblacht na Cóiré
  • An Araib Shádach
  • Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha
  • Catar
  • Bairéin
  • An Mhalaeisia
  • An Indinéis
  • Vítneam
  • An Téalainn
  • An tSile
  • Óman
  • Cuáit
  • Meicsiceo.

Ó 1 Eanáir 2017:

  • An Cholóim
  • An Phacastáin.

Ó 1 Eanáir 2026:

  • Na hOileáin Fhilipíneacha
  • An Tuirc.

Céard is laethanta cáilitheacha ann?

Ó 2015 go 2025, is éard atá i gceist le lá cáilitheach ná ceann de thrí lá as a chéile ar a laghad a oibrítear i stát ábhartha. D'fhéadfaí an t-am a chaitheann tú ag taisteal a chur san áireamh laistigh de lá cáilitheach má thaistealaíonn tú:

  • ó Éirinn go stát ábhartha
  • ó stát ábhartha go hÉirinn
  • ó stát ábhartha amháin go stát eile
  • féadtar an lá teachta a chomhaireamh má thagann tú isteach go stát ábhartha an lá dár gcionn. Ar an gcaoi chéanna, is féidir an lá imeachta a chomhaireamh freisin, ar an gcoinníoll go dtagann tú isteach go stát ábhartha eile nó go hÉirinn an lá tar éis duit imeacht.

Ó 2026 go 2030, is éard is lá cáilitheach ann ná aon lá a chaitear ag obair i stát ábhartha. Tá sé seo ar an gcoinníoll go bhfuil tú i láthair sa stát ábhartha ar chúiseanna gnó a bhaineann le do chuid oibre.

Féadtar an t-am taistil a chomhaireamh fós ar an gcoinníoll go gcomhlíonann sé na riachtanais thuasluaite.

Ní féidir lá cáilitheach a chomhaireamh níos mó ná uair amháin.

Féadtar Dé Sathairn, Dé Domhnaigh agus laethanta saoire poiblí a chomhaireamh mar laethanta cáilitheacha i stát ábhartha.

Ar aghaidh: Cé mhéad liúntas a fhéadtar a éileamh?