Cónaitheacht chánach

Céard is sainchónaitheacht ann agus céard é an tobhach sainchónaitheachta?

Is coincheap de chuid an dlí ghinearálta í an tsainchónaitheacht. Ciallaíonn sé, i gcoitinne, cónaí i dtír agus é ar intinn agat cónaí ann go buan. Is coincheap i bhfad níos buaine í ná an chónaitheacht.

Tá ‘sainchónaitheacht bhunaidh’ ag gach duine nuair a bheirtear iad (sainchónaitheacht an athar de ghnáth). Coinníonn tú do shainchónaitheacht bhunaidh ach amháin má roghnaíonn tú sainchónaitheacht nua a fháil.

Chun sainchónaí nua a fháil, ní mór duit fianaise shoiléir a thaispeáint:

  • go bhfuil sé i gceist agat cónaí go buan sa tír nua
  • agus
  • nach bhfuil sé i gceist agat filleadh chun cónaí i do shainchónaitheacht bhunaidh.

Bíonn tionchar ag do shainchónaitheacht ar an gcaoi a ngearrtar cáin ar ioncam ó fhoinse thar lear.

Bonn measúnaithe seoltáin

Féadfaidh sé gur cónaitheoir cánach Éireananch thú, ach go bhfuil tú neamh-gnáthchónaitheach agus neamh-shainchónaitheach in Éirinn ar feadh bliain chánach. Sa chás seo íocfaidh tú cáin Éireannach:

  • ar d’ioncam as foinse Éireannach
  • agus
  • ioncam eachtrach a íocann tú isteach go hÉirinn.

Tugtar bonn measúnaithe seoltáin air seo. Is éard is ciall le seoltán ná na cistí a íocann tú isteach go hÉirinn ó áit thar lear trí:

  • ríomhaistriú airgid
  • aistriú tríd an bpost
  • aistriú ar líne.

Tobhach sainchónaitheachta

Féadfaidh sé go bhfuil ort tobhach sainchónaitheachta a íoc má tá tú sainchónaitheach in Éirinn agus:

  • má sháraíonn d’ioncam domhanda €1m
  • má tá luach do mhaoine Éireannaí níos mó ná €5m
  • má bhí do Cháin Ioncaim Éireannach níos lú ná €200,000.

An tsuim atá ar an tobhach ná €200,000 in aghaidh na bliana. Íoctar an tobhach gach bliain a bhíonn tú faoi dhliteanas ar 31 Samhain nó roimhe, sa bhliain tar éis an dáta luachála. Déantar é seo trí féinmheasúnú. An dáta luachála ná 31 Nollaig gach bliain.

Féadtar an tsuim Cánach Ioncaim a d’íoc tú i mbliain amháin a fhritháireamh i gcoinne an tobhaigh sainchónaitheachta dlite don bhliain sin. Ní fhéadtar an Muirear Sóisialach Uilíoch (MSU) a fhritháireamh i gcoinne an tobhaigh.

Tá síneadh ama curtha leis an spriocdháta chun an tobhach sainchónaitheachta a íoc agus a thíolacadh le go dtiocfaidh an spriocdháta leis na spriocdhátaí íoca agus tíolactha le haghaidh féinmheasúnaithe.

Roimh 2012, bhain an tobhach do dhaoine a bhí ina saoránaigh Éireannacha agus a raibh sainchónaí orthu sa tír seo.

Tabhair do d’aire

Ciallaíonn ‘maoin Éireannach’ na sócmhainní uile ar leat in Éirinn ar an dáta luachála. Ní áirítear leis sin scaireanna:

• i gcuideachta atá i mbun trádála nó trádálaithe go heisiach nó go príomha le cuideachta sealbhaíochta
• a fhaigheann a gcuid luacha ó fhochuideachtaí atá i mbun trádála nó trádálaithe go heisiach nó go príomha.

Caitear mar mhaoin Éireannach le scaireanna a fhaigheann tú ó mhaoin atá lonnaithe in Éirinn. Ní fhéadtar asbhaint a éileamh i leith fiachas amhail morgáistí nó iasachtaí agus tú ag déanamh meastacháin ar luach margaidh do mhaoine.

Tuairisceáin a thíolacadh agus an tobhach a íoc

Má tá tú faoi dhliteanas don tobhach sainchónaitheachta, beidh ort tuairisceán a thíolacadh agus íoc trí Sheirbhís Ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS). Beidh ort an tuairisceán a thíolacadh agus íoc ar 31 Deireadh Fómhair nó roimhe, an bhliain dár gcionn.

Muna féidir leat rochtain a fháil ar ROS, is féidir an tuairisceán Foirm DL1 a íoslódáil agus:

  • an fhoirm chomhlánaithe a sheoladh chuig Oifig an Ard-Bhailitheora
  • agus
  • íocaíocht a dhéanamh trí moChúrsaí, más oibrí ÍMAT thú
  • Ríomhaistriú Airgid (RAA) a dhéanamh, má tá tú neamhchónaitheach.

Ar aghaidh: Conarthaí cánach idir Éirinn agus tíortha eile