Cónaitheacht chánach

Cén chaoi le fáil amach an bhfuil tú gnáthchónaitheach chun críocha cánach

Má bhí tú cónaitheach ó thaobh cánach in Éirinn ar feadh trí bliana cánach i ndiaidh a chéile, measfar thú a bheith ghnáthchónaitheach ó thús na ceathrú bliana cánach.

Má fhágann tú Éire ina dhiaidh na tréimhse seo, leanfaidh tú de bheith ghnáthchónaitheach go ceann trí bliana cánach i ndiaidh a chéile. Le haghaidh na dtrí bliana seo, ní mór cáin Éireannach a íoc ar d’ioncam domhanda seachas:

  • ioncam ó cheird nó ó ghairm nach bhfeidhmítear aon chuid de in Éirinn
  • ioncam ó oifig nó ó fhostaíocht a bhfheidhmítear a dhualgais uile taobh amuigh d’Éirinn
  • ioncam eachtrach eile, mar shampla, ioncam ó infheistíocht, má tá sé €3,810 nó níos lú. Más rud é go bhfuil sé níos mó ná €3,810, tá an tsuim iomlán incháinithe.

Ar aghaidh: Ag bogadh go hÉirinn nó amach as Éirinn le linn na bliana cánach