Cónaitheacht chánach

Céard is Ordú Eisiaimh ÍMAT ann?

Is éard atá i gceist le hOrdú Eisiaimh ÍMAT ná deimhniú arna eisiúint ag na Coimisinéirí Ioncaim a thugann treoir do d'fhostóir gan an méid seo a leanas a asbhaint ó d'ioncam:

Fanann an t-ordú eisiaimh i bhfeidhm fad is go mbíonn tú neamhchónaitheach agus ag obair thar lear. Féadfar Ordú Eisiaimh ÍMAT a eisiúint más rud é:

  • go bhfuil tú fostaithe thar lear ag fostóir Éireannach
  • go gcuirtear do chuid dualgas fostaíochta uile i gcrích thar lear
  • agus
  • go mbeidh tú neamhchónaitheach in Éirinn sa bhliain chánach.

Ní mór do d’fhostóir sonraí iomlána a chur ar fáil i scríbhinn chuig an oifig chuí de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim. Tá tuilleadh eolais ar fáil faoin Ordú Eisiaimh Íoc Mar a Thuillir (ÍMAT) arna eisiúint ag na Coimisinéirí Ioncaim.

Féadfaidh sé go dteastóidh uait leanúint ar aghaidh le do ranníocaíochtaí Árachais Shóisialaigh Pá-Choibhneasa (ÁSPC) a íoc. Más amhlaidh an cás, beidh ar d’fhostóir teagmháil a dhéanamh leis an Roinn Coimirce Sóisialaí (RCS).

Ar aghaidh: Conarthaí cánach idir Éirinn agus tíortha eile