Gníomhaíochtaí Taighde agus Forbartha (T&F)

Cé atá i dteideal iarratas a dhéanamh ar Fhaoiseamh Taighde agus Forbartha (T&F)?

Chun iarratas a dhéanamh ar Fhaoiseamh T&F, ní mór duit bheith i do ‘phríomhfhostaí’. Ciallaíonn seo, mar fhostaí:

  • ní mór nach bhfuil nó nach raibh tú mar stiúrthóir ar chuideachta d’fhostóra nó ar chuideachta ghaolmhar
  • ní mór nach bhfuil tú ceangailte le stiúrthóir ar chuideachta d’fhostóra nó ar chuideachta ghaolmhar
  • níl aon, nó ní raibh aon, leas ábhartha agat i gcuideachta d’fhostóra nó i gcuideachta ghaolmhar. 
  • ní mór nach bhfuil ceangal idir tú féin agus aon duine a bhfuil leas ábhartha aige nó aici i gcuideachta d’fhostóra nó i gcuideachta ghaolmhar. Ciallaíonn leas ábhartha sealúchas aonair os cionn 5% de scaireanna na cuideachta.

Sa tréimhse chuntasaíochta dá raibh d’fhostóir i dteideal an Faoiseamh T&F a éileamh:

  • ní mór go ndearna tú 50% de do dhualgais ag ceapadh nó ag cruthaigh faisnéis, táirgí, córais, modhanna nó córais nua
  • ní mór go bhfuil d’fhostóir in ann 50%, ar a laghad, de chostas do phá a éileamh mar chaiteachas ar T&F.

Más cuideachta atá agat, féadfaidh tú tuilleadh eolais a fháil ar an bhFaoiseamh Taighde agus Forbartha seo sa rannán Cáin do chuideachtaí.

Ar aghaidh: Teorainn an Fhaoisimh Thaighde agus Forbartha (T&F) d'fhostaithe