Gníomhaíochtaí Taighde agus Forbartha (T&F)

Creidmheas cánach Taighde agus Forbartha neamhúsáidte a thabhairt anonn

Mura n-úsáideann tú an creidmheas cánach iomlán i mbliain amháin, féadfaidh tú é a thabhairt anonn chun do dhliteanas cánach a laghdú don bhliain dar gcionn. Féadfaidh tú an creidmheas seo a thabhairt anonn go dtí go n-úsáidtear é, a fhad agus atá tú mar fhostaí na cuideachta go fóill.