Gníomhaíochtaí Taighde agus Forbartha (T&F)

Cén chaoi a ndéantar éileamh?

Ní mór duit Tuairisceáin Cánach Ioncaim féinmheasúnaithe (Foirm 11) a thíolacadh chun an creidmheas cánach seo a éileamh. Úsáid Seirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS) chun an creidmheas seo a éileamh ar do Thuairisceán Cánach Ioncaim (Foirm 11).

Amlíne chun éileamh a dhéanamh ar fhaoiseamh
 Sonraí An bhliain ina ndéanfar an measúnú
 Tréimhse cuntasaíochta inar ceadaíodh an Creidmheas T&F don chomhlacht  2022
 An bhliain ina bhféadfaidh  an fostaí an creidmheas a tugadh suas a úsáid  2023

An bhliain ina bhféadfaidh  an fostaí éileamh a dhéanamh ar chreidmheas

 2024 (ón 1 Eanáir)

Ní mór duit an creidmheas cánach seo a úsáid in aghaidh d’ioncaim leis an gcuideachta sin amháin. Ní fhéadfaidh tú an creidmheas cánach seo a úsáid in aghaidh cánach atá le híoc ar fhoinsí eile ioncaim.

Aisghlámadh 

Féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim an faoiseamh cánach seo a aisghlámadh má rinne tú féin nó d’fhostóir éileamh ar go mícheart.

Ar aghaidh: Creidmheas cánach Taighde agus Forbartha neamhúsáidte a thabhairt anonn