Asbhaint Tuillimh Eachtraigh (ATE)

Cén chaoi a dhéantar iarratas ar ATE?

Braithfidh méid aon asbhainte ar an líon laethanta cáilitheacha d’asláithreacht i mbliain chánach nó i dtréimhse 12 mhí a chuimsítear thar dhá bhliain chánach.

Éilítear an asbhaint trí do Thuairisceán Cánach Ioncaim. Ba chóir taifid a bhaineann le héilimh ATE a choinneáil ar feadh 6 bliana tar éis na tréimhse a dhéantar éileamh ina leith.

Ní mór éileamh a dhéanamh laistigh de cheithre bliana.
Bliain chánachBliain cánach dar críochÉileamh le déanamh faoin
2022 31 Nollaig 2022 31 Nollaig 2026
2023 31 Nollaig 2023 31 Nollaig 2027
2024 31 Nollaig 2024

31 Nollaig 2028

2025 31 Nollaig 2025

31 Nollaig 2029

2026 31 Nollaig 2026

31 Nollaig 2030