Creidmheas Cánach Fostaí

Féadtar an Creidmheas Cánach Fostaí a éileamh má fhaigheann tú ioncam atá incháinithe faoin gcóras Íoca Mar a Thuillir (ÍMAT). Áirítear leis seo:

  • sochar comhchineáil
  • pinsin cheirde
  • ioncam ón Roinn Coimirce Sóisialaí (RCS).

Beidh tú i dteideal an creidmheas cánach seo a fháil má tá tú cónaitheach in Éirinn agus má fhaigheann tú:

  • pinsean slándála sóisialaigh ó Bhallstát eile AE
  • pá ó áit thar lear ina n-asbhaintear cáin faoi chóras den chineál ÍMAT.

An creidmheas atá ar fáil

Is ar d’ioncam bliantúil a bhraitheann sé cé mhéad a fhéadann tú a éileamh.

An t-uaschreidmheas cánach fostaí le haghaidh 2023 ná €1,775.

Má tá d’ioncam bliantúil €8,875 nó níos mó, beidh tú i dteideal an tsuim iomlán a fháil. Má tá d’ioncam faoi €8,875, beidh uasteorainn 20% de d’ioncam bliantúil ar shuim an chreidmheasa. Mar shampla, má tá ioncam bliantúil €5,000 agat, an creidmheas a bheidh ann ná €5000 @ 20% = €1,000.

Má tá tú pósta nó i bpáirtnéireacht shibhialta agus má tá ioncam ÍMAT ag an mbeirt agaibh, tá sibh beirt i dteideal an creidmheas a éileamh. Ní fhéadtar an creidmheas a aistriú chuig do chéile nó páirtnéir sibhialta.

Níl tú i dteideal ach Creidmheas Cánach Fostaí amháin, is cuma cé mhéad fostaíochtaí atá agat.

Ní fhéadann na daoine seo a leanas an Creidmheas Cánach Fostaí a éileamh:

  • stiúrthóirí dílseánaigh, a gcéile nó páirtnéir sibhialta ar ioncam a bhaineann go díreach leis an stiúrthóireacht sin 
  • céile, páirtnéir sibhialta nó leanbh duine atá ag íoc an ioncaim
  • céile, páirtnéir sibhialta nó leanbh duine i gcomhpháirtíocht.

Is stiúrthóir dílseánaigh é stiúrthóir:

  • atá ina úinéir tairbhiúil ar chuideachta
  • a fhéadann níos mó ná 15% de ghnáth-scairchaipiteal cuideachta a rialú go díreach nó go hindíreach.

Féadann leanaí stiúrthóirí dílseánaigh an creidmheas a éileamh sna cásanna seo:

  • más in aicme cháilitheach Árachais Shóisialaigh Phá-Choibhneasa (ASPC) atá a bpost
  • má asbhaineadh ÍMAT mar is ceart óna gcuid ioncaim
  • má thugann an leanbh a gcuid ama uile don phost
  • má íoctar €4,572 ar a laghad leo sa bhliain. Má oibríonn siad go páirtaimseartha, féadtar an figiúr seo a chionroinnt.

Mura bhfuil tú i dteideal an Chreidmheasa Cánach Fostaí, féadfaidh sé go bhfuil tú i dteideal an Creidmheas i leith Ioncam Tuillte a éileamh.

Ní fhéadann iomlán na gcreidmheasanna a bheith níos mó ná €1,775, má tá ioncam agat atá incháilithe le haghaidh:

  • Creidmheas i leith Ioncam Tuillte
  • agus
  • Creidmheas Cánach Fostaí

Cén chaoi le héileamh a dhéanamh

Bain úsáid as moChúrsaí chun an creidmheas seo a éileamh ar an gcárta Seirbhísí ÍMAT.

Le haghaidh 2019 agus blianta ina dhiaidh:

  • cliceáil ar an nasc ‘Déan athbhreithniú ar do cháin 2019-2022’ faoin gcluaisín Seirbhísí ÍMAT
  • Ráiteas Dliteanais a iarraidh
  • cliceáil ar ‘Comhlánaigh Tuairisceán Cánach Ioncaim’
  • ar an leathanach ‘Creidmheasanna agus Faoisimh Chánach’, roghnaigh ‘Do Phost’
  • roghnaigh ‘Creidmheas Cánach Fostaí’
  • comhlánaigh an fhoirm agus tíolaic í.