Creidmheas d'Ioncam Tuillte

Tá an Creidmheas i leith Ioncam Tuillte ar fáil ó 01 Eanáir 2016. Ceadaítear é i leith an phá a thuilleann tú. Is creidmheas ar leithligh é ón gCreidmheas Cánach Fostaí sa chaoi is go bhféadann lucht féinfhostaithe é a éileamh chomh maith.

Samplaí d’ioncam atá incháilithe don chreidmheas i leith ioncam tuillte ná:

  • ioncam trádála (Cás I agus II)
  • agus
  • pá a thuilleann stiúrthóirí dilseánaigh.

Níl an creidmheas ar fáil le cur i gcoinne d’ioncaim éighníomhaigh ná d’ioncaim infheistíochta, amhail:

  • ioncam ó chíos
  • ioncam ó ús ar thaiscí.

An creidmheas atá ar fáil ná an méid is lú den mhéid seo a leanas:

  • €1,875
  • 20% de d’ioncam tuillte incháilithe.

Chun na rátaí le haghaidh blianta roimhe seo a fheiceáil, féach na Cairteacha rátaí cánach, bandaí agus faoisimh.

Féadfaidh sé go bhfuil ioncam agat a cháilíonn don Chreidmheas Cánach Fostaí agus don Chreidmheas Cánach i leith Ioncam Tuillte Má tá, ní fhéadann comhluach na gcreidmheasanna seo a bheith níos mó ná uasluach an Chreidmheasa Cánach Fostaí.

Ní fhéadtar an creidmheas seo a aistriú chuig do chéile ná do pháirtnéir sibhialta.

Cén chaoi le héileamh a dhéanamh

Éileamh a dhéanamh i leith na bliana reatha:

  1. Sínigh isteach ar moChúrsaí.
  2. Cliceáil ar an nasc ‘Bainistigh do cháin’ faoin gcluaisín Seirbhísí ÍMAT.
  3. roghnaigh ‘Déan éileamh ar chreidmheasanna cánach’.

Éileamh a dhéanamh do bhliain roimhe seo:

I gcás 2020 agus blianta ina dhiaidh:

  1. Sínigh isteach ar moChúrsaí.
  2. Cliceáil ar an nasc ‘Déan athbhreithniú ar do cháin 2020-2023’ faoin gcluaisín Seirbhísí ÍMAT.
  3. Iarr Ráiteas Dliteanais.
  4. Cliceáil ar ‘Comhlánaigh Tuairisceán Cánach Ioncaim’.
  5. Ar an leathanach ‘Creidmheasanna & Faoisimh Chánach’, roghnaigh ‘Do phost’ agus cuir leis é mar chreidmheas cánach.
  6. Comhlánaigh an fhoirm agus tíolaic í.

Tabhair do d'aire:

Beidh an Creidmheas i leith Ioncam Tuillte ar fáil duit le héileamh má tá tú cláraithe mar:
- stiúrthóir dílseánaigh
- céile nó páirtnéir sibhialta stiúrthóra dílseánaigh
- leanbh stiúrthóra dílseánaigh
- duine atá ag fáil brabús trádála nó ioncam eachtrach eile.

Samplaí