Cánachas ar íocaíochtaí ón RCS

Cáin ar shochair mháithreachais, uchtála agus sláinte agus sábháilteachta

Tá Sochar Máithreachais, Sochar Uchtála agus an Sochar Sláinte agus Sábháilteachta (lena n-áirítear aon mhéaduithe do chleithiúnaithe) faoi dhliteanas Cánach Ioncaim. Níl na híocaíochtaí seo faoi dhliteanas an Mhuirir Shóisialaigh Uilíoch (MSU)Árachas Sóisialach Pá-Choibhneasa (ÁSPC).

Sa leathanach seo, féadtar glacadh leis gurab ionann an Sochar Uchtála, agus an Sochar Sláinte agus Sábháilteachta agus tagairtí don Sochar Máithreachais. Is ar bhealach comhchosúil atá an cánachas i leith na sochar seo.

Cén chaoi a ngearrtar cáin ar Shochar Máithreachais

Tugann an Roinn Coimirce Sóisialaí (RCS) sonraí do na Coimisinéirí Ioncaim maidir le híocaíochtaí Sochair Máithreachais. Má fhaigheann tú Sochar Máithreachais agus más cáiníocóir Íoc Mar a Thuillir (ÍMAT) thú , bailíonn na Coimisinéirí Ioncaim an cháin dhlite.

Déanann muid do chreidmheasanna cánach agus banda ráta bliantúil a laghdú chun aon cháin dhlite a bhailiú ar bhonn seachtainiúil. Chun é seo a dhéanamh, déanann muid suim bhliantúil an tSochair Máithreachais a ‘bhliantúlú’. Ríomhtar an tsuim bharúlach bhliantúil tríd an tsuim sheachtainiúil a iolrú faoi 52. Laghdófar do chreidmheasanna cánach agus banda ráta bliantúil faoin tsuim seo.

Is ar ‘bhonn Sheachtain 1’ a fhaightear an Sochar Máithreachais. Ciallaíonn sé seo go bhfeidhmítear na creidmheasanna cánach agus banda ráta coigeartaithe ar bhonn seachtain ar seachtain. Taispeánfar é seo ar do Dheimhniú Creidmheasanna Cánach. Cuirfidh muid Fógra Párolla na gCoimisinéirí Ioncaim (FPCI) athbhreithnithe ar fáil do d’fhostóir.

Tá feidhm ag an gcreidmheas cánach agus banda ráta seachtainiúil coigeartaithe do thréimhse iomlán na n-íocaíochtaí Sochair Máithreachais amháin. Déantar iad a choigeartú tar éis an íocaíocht dheireanach a fháil ón RCS.

Pá iomlán faighte agus Sochar Máithreachais íoctha leis an bhfostóir

Tá an difríocht idir an pá a íocann d’fhostóir leat agus an Sochar Máithreachais a íocann tú le d’fhostóir faoi réir Cánach Ioncaim , MSU agus ÁSPC.

Pá ‘breisithe’ agus Sochar Máithreachais faighte

Níl ach an tsuim phá a íocann d’fhostóir go hiarbhír faoi réir Cánach Ioncaim , MSU agus ÁSPC.

Sochar Máithreachais amháin faighte (gan an pá a íoctar)

Beidh Fógra Párolla na gCoimisinéirí Ioncaim (FPCI) leasaithe ar fáil , ar iarratas ó d’fhostóir , ar bhonn Sheachtain 1.

Féadfaidh sé go mbeidh aisíocaíocht chánach dlite duit. Toisc go bhfuil an FPCI ar bhonn Sheachtain 1, ní fhéadann d’fhostóir an aisíocaíocht seo a dhéanamh. Ba chóir teagmháil a dhéanamh le d’oifig de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim le feiceáil más féidir an bonn Sheachtain 1 a bhaint.

Féadfaidh sé go mbeidh tú fós ar bhonn Sheachtain 1 ag deireadh na bliana cánach. Sa chás seo, ba chóir duit Tuairisceán Cánach Ioncaim a thíolacadh, a fhéadtar a fháil faoi 'Seirbhísí ÍMAT' in moChúrsaí agus déanfaidh muid athbhreithniú ar do stádas cánach.

Éilimh Sochair Máithreachais a chlúdaíonn dhá bhliain chánach

Féadfaidh sé go mbeidh tú ar shaoire máithreachais a chlúdaíonn dhá bhliain (mar shampla , ó mhí na Samhna go mí Aibreáin). Gearrtar cáin ar an Sochar Máithreachais iníoctha i mBliain 2 trí laghdú a dhéanamh ar na creidmheasanna cánach agus banda ráta. Déanann na Coimisinéirí Ioncaim é seo ‘ar bhonn carnach’, ó thús Bhliain 2. Ciallaíonn sé seo go leathnaítear an cháin dhlite ar an Sochar Máithreachais i mBliain 2 thar an mbliain iomlán cánach.

Lánúineacha a ngearrtar cáin orthu faoi mheasúnú comhpháirteach

Féadfaidh sé nach bhfuil do dhóthain creidmheasanna cánach agus banda ráta agat le go bhféadtar an tsuim iomlán cánach dlite a bhailiú. Baileoidh na Coimisinéirí Ioncaim an t-iarmhéid trí creidmheasanna cánach agus banda ráta do chéile, nó páirtnéara sibhialta a laghdú.

Ar aghaidh: An chaoi a ngearrtar cáin ar an Íocaíocht Dífhostaíochta Paindéime (IDP)