Cánachas ar íocaíochtaí ón RCS

Cánachas ar na Sochair Bhreoiteachta, Díobhála Ceirde agus Cumais Pháirtigh

Is é an Roinn Coimirce Sóisialaí (RCS) a eisíonn Sochar Breoiteachta, Sochar Díobhála Ceirde agus Sochar Cumais Pháirtigh. Tá na sochair seo faoi dhliteanas Cánach Ioncaim. Níl siad faoi dhliteanas an Mhuirir Shóisialaigh Uilíoch (MSU) ná Árachas Sóisialach Pá-Choibhneasa (ÁSPC).

Féadfaidh sé go bhfaighidh tú méaduithe do chleithiúnaithe linbh (íocaíochtaí breise a dhéantar le héilitheoirí i leith leanaí cáilitheacha). Tá siad seo díolmhaithe ó Cháin Ioncaim, MSU agus ÁSPC.

Sa leathanach seo, féadtar glacadh leis gurab ionann an Sochar Díobhála Ceirde agus an Sochar Cumais Pháirtigh agus tagairtí don Sochar Breoiteachta. Gearrtar cáin ar na sochair ar bhealach comhchosúil.

Cén chaoi a ngearrtar cáin ar Shochar Breoiteachta

Ó 1 Eanáir 2019:

  • Cuireann an RCS suim do Shochair Breoiteachta incháinithe in iúl do na Coimisinéirí Ioncaim.
  • Bailítear aon cháin dlite ó do Shochar Breoiteachta trí do chreidmheasanna cánach agus do bhanda ráta a laghdú. Taispeánfar é seo ar do Dheimhniú Creidmheasanna Cánach.
  • Cuirfidh na Coimisinéirí Ioncaim Fógra Párolla na gCoimisinéirí Ioncaim (FPCI) ar fáil do d’fhostóir ionas go bhféadann siad aon cháin atá dlite a bhailiú.

Le linn duit a bheith ar saoire bhreoiteachta, agus sa chás:

  • go n-íocann d’fhostóir thú – ní mór duit suim sheachtainiúil an tSochair Breoiteachta a chur in iúl dóibh
  • nach n-íocann d’fhostóir thú – ní gá duit suim sheachtainiúil an tSochair Breoiteachta a chur in iúl dóibh.

Sa dá chás, úsáidfidh d’fhostóir an FPCI is déanaí a d'eisigh na Coimisinéirí Ioncaim chucu. 

Ar aghaidh: Cáin ar shochair mháithreachais, uchtála agus sláinte agus sábháilteachta