Modhanna le cáin a ríomh

Bonn carnach

Tabhair do d’aire

Baineann an t-eolas ar an leathanach seo le dualgais reatha an fhostóra. Chun eolas a fháil do dhualgais roimh 1 Eanáir 2019, féach ar an treoir d’fhostóirí in  Employers Guide to PAYE.

Is iondúil go ríomhtar cáin fostaí ar bhonn carnach. Is éard is cáin charnach ann ná an cháin atá dlite ar ioncam iomlán fostaí ó 1 Eanáir go dtí an dáta reatha. Is é an cháin atá dlite i leith aon tréimhse phá ná an cháin charnach lúide an cháin a asbhaineadh cheana féin le linn na bliana.

Ní mór d'fhostóir cáin a ghearradh ar fhostaí ar bhonn carnach nuair a bhíonn Fógra Párolla na gCoimisinéirí Ioncaim (FPCI) carnach íoslódáilte acu dóibh. Léirítear an t-eolas bliantúil seo a leanas ar an FPCI:

Má d'oibrigh fostaí roimhe seo sa bhliain, léirítear ar an FPCI, chomh maith, an t-ioncam agus an cháin agus MSU a íocadh roimhe seo don fhostaíocht sin. Ní mór don fhostóir na figiúirí seo a chur san áireamh agus cáin an fhostaí á ríomh ag baint úsáide as an mbonn carnach.

Tá féilirí Cánach Ioncaim ar fáil ag Féilirí cánach ioncaim seachtainiúla agus míosúla mar thagairt d'fhostóirí.

Aisíocaíochtaí cánach

Nuair a oibrítear cáin ar bhonn carnach, uaireanta bíonn fostaí i dteideal aisíocaíocht chánach . Tá sé seo leagtha amach níos mionsonraithe in Ag aisíoc cánach le fostaithe.

Ar aghaidh: Bonn Sheachtain 1