Modhanna le cáin a ríomh

Bonn éigeandála

Tabhair do d’aire

Baineann an t-eolas ar an leathanach seo le dualgais reatha an fhostóra. Chun eolas ar dhualgais fostóra roimh 1 Eanáir 2019 a fháil, féach ar an treoir ar an Employers Guide to PAYE.

Ní mór d'fhostóirí Cáin Éigeandála a oibriú nuair nach mbíonn Fógra Párolla na gCoimisinéirí Ioncaim (FPCI) ar fáil.

Ní bhfaighidh fostóir FPCI sna cásanna seo:

Cáin Éigeandála chur i bhfeidhm

Tá rialacha éagsúla ann le haghaidh Cáin Éigeandála, ag brath ar cé acu ar thug nó nár thug an fostaí a UPSP dá bhfostóir.

Nuair atá an UPSP tugtha ag an bhfostaí

Tugann fostaí a UPSP don fhostóir, ach níl aon FPCI ar fáil le híoslódáil. Ní mór don fhostóir scoithphointe cánach a thabhairt don fhostaí don chéad cheithre seachtaine fostaíochta. Tá sé seo bunaithe ar an scoithphointe cánach do dhuine singil don bhliain.

Gearrann an fostóir cáin ar ioncam an fhostaí ag an ráta caighdeánach go dtí seachtain 4. Ó sheachtain 5 ar aghaidh, gearrtar cáin ar ioncam ag an ráta níos airde.

Léirítear na rátaí Cánach Éigeandála, bandaí rátaí agus reidmheasanna cánach sa rannán Emergency basis of tax deduction.

Nuair nach bhfuil an UPSP tugtha ag an bhfostaí

Ní mór don fhostóir cáin a ghearradh ar fhostaí ag ardráta cánach gan aon chreidmheasanna cánach. Má sholáthraíonn an fostaí a UPSP ina dhiaidh sin, ní mór don fhostóir iarratas a dhéanamh ar FPCI. Ba chóir don fhostóir cáin a fheidhmiú ansin bunaithe ar na sonraí a thíolactar ar an FPCI.

Mura bhfuil aon FPCI ar fáil ag an bpointe seo, ní mór don fhostóir na rialacha Cánach Éigeandála a fheidhmiú.

Cáin Éigeandála leanúnach

D'fhéadfadh fostaí a bheith ag fostóir a oibríonn dóibh ar feadh tréimhsí ar leith i rith na bliana. Má tá an fostaí seo ar Cháin Éigeandála, comhaireann an fostóir gach seachtain ón dáta a thosaigh siad ag obair dóibh. Tá feidhm leis seo fiú mura n-oibríonn an fostaí gach seachtain.

Ar aghaidh: Díolúine ó cháin agus faoiseamh imeallach