Modhanna le cáin a ríomh

Díolúine ó cháin agus faoiseamh imeallach

Tabhair do d’aire

Baineann an t-eolas ar an leathanach seo le dualgais reatha an fhostóra. Chun eolas ar dhualgais fostóra roimh 1 Eanáir 2019 a fháil, féach ar an Employers Guide to PAYE.

Tá roinnt fostaithe i dteideal díolúine ó cháin gach bliain. Ar an gcaoi chéanna, tá roinnt fostaithe díolmhaithe ón Muirear Sóisialta Uilíoch (MSU).

Níor chóir d'fhostóir díolúine cánach a fheidhmiú ach amháin má thugtar treoir dóibh ar Fhógra Párolla na gCoimisinéirí Ioncaim (FPCI) an fhostaí.

Sa chás go bhfuil feidhm ag díolúine chánach, ní treoir atá ann gan cáin ioncaim le hasbhaint (murab ionann agus MSU). Ina áit sin, tugtar scoithphointe agus creidmheas cánach de mhéid speisialta ar a FPCI. An t-ardráta cánach atá le gearradh ná an ráta faoisimh imeallaigh 40%.