Lá pá an fhostaí – Cáin Ioncaim agus Muirear Sóisialach Uilíoch a ríomh

Léargas ginearálta

Tabhair do d'aire

Baineann an t-eolas sa rannán seo le dualgais reatha an fhostóra. Chun eolas a fháil ar oibleagáidí fostóra roimh 1 Eanáir 2019, féach ar an treoir d'fhostóirí in Employers Guide to PAYE.

Tá gach fostaí i dteideal creidmheasanna cánach, scoithphointí cánach agus Muirir Shóisialaigh Uilíoch(MSU), ag brath ar chúinsí pearsanta. Tá achoimre ar na suimeanna iomlána ar Fhógra Párolla na gCoimisinéirí Ioncaim (FPCI). Léireoidh an FPCI freisin ar chóir iad seo a thabhairt mar cheann acu seo a leanas:

  • bonn carnach
  • bonn sheachtain 1 nó bonn mhí 1.

Mura bhfuil aon FPCI ar fáil le haghaidh fostaí, ní mór cáin a ríomh ar bonn éigeandála.

Ar aghaidh: Tréimhsí pá seachtainiúla, coicísiúil, gach ceithre seachtaine, agus míosúil