Lá pá an fhostaí – Cáin Ioncaim agus Muirear Sóisialach Uilíoch a ríomh
Íocaíochtaí do thréimhsí neamhrialta
Tabhair do d’aire
Baineann an t-eolas ar an leathanach seo le dualgais reatha an fhostóra. Chun eolas ar dhualgais an fhostóra roimh an 1 Eanáir 2019 a fháil, féach an Employers Guide to PAYE.
Ní mór d'fhostóir a chinntiú go n-íoslódáiltear an Fógra Párolla na gCoimisinéirí Ioncaim (FPCI) is déanaí d'fhostaí agus an párolla á chomhlánú, is cuma cén mhinicíocht phá atá i gceist.
Bonn carnach
Ní mór don fhostóir na nithe seo a leanas a chur i bhfeidhm ar bhonn carnach suas go dtí an tseachtain ina ndéantar an íocaíocht:
Bonn sheachtain 1
Féadfaidh sé gur thosaigh an fhostaíocht roimh 1 Eanáir. Sa chás sin, cuir an méid seo a leanas i bhfeidhm ó Sheachtain 1 go seachtain na híocaíochta (an dá sheachtain san áireamh):
- iomlán na gcreidmheasanna cánach
- scoithphointí cánach
- agus
- scoithphointí MSU.
Féadfaidh sé gur thosaigh an fhostaíocht tar éis 1 Eanáir.
Sa chás sin, cuir an méid seo a leanas i bhfeidhm ón tseachtain tosaigh go dtí seachtain na híocaíochta (an dá sheachtain san áireamh):
- iomlán na gcreidmheasanna cánach
- scoithphointí cánach
- agus
- scoithphointí MSU.
Ar aghaidh: Íocaíochtaí eile