Lá pá an fhostaí – Cáin Ioncaim agus Muirear Sóisialach Uilíoch a ríomh

Íocaíochtaí eile

Tabhair do d'aire

Baineann an t-eolas sa rannán seo le dualgais reatha an fhostóra. Chun eolas a fháil ar oibleagáidí fostóra roimh 1 Eanáir 2019, féach ar an treoir d'fhostóirí in Employers Guide to PAYE.

Féadfaidh fostóir bónas nó riaráistí pá a íoc lena bhfostaithe ar lá lasmuigh dá ngnáthlá pá. Ríomh an cháin agus an Muirear Sóisialach Uilíoch (MSU) atá dlite ar iomlán íocaíochtaí na seachtaine sin. Bain úsáid as na creidmheasanna cánach agus scoithphointí cánach agus MSU carnach don tseachtain sin.

Ní fhéadfaidh fostóir creidmheasanna cánach agus scoithphointí cánach agus MSU ó sheachtain amach anseo a úsáid chun aon íocaíocht bhreise a dhéanann siad a chlúdach.

Pá saoire

Féadfaidh fostóir ‘pá saoire’ a íoc lena bhfostaithe ar lá roimh a ngnáthlá pá. 

Féadfaidh sé a bheith de thoradh ar réamhphá saoire go bhfaighidh an fostaí pá dhá cheann nó trí cinn de sheachtainí in aon seachtain amháin. Sa dá sheachtain nó trí seachtaine ina dhiaidh sin ní bhfaighidh an fostaí aon phá. Féadfaidh fostóir creidmheasanna cánach agus scoithphointí cánach agus MSU na seachtainí sin a fheidhmiú ar an bpá saoire. Ní fhéadtar é seo a dhéanamh má tá fostaí ag fágáil na fostaíochta go díreach tar éis an phá saoire a fháil.

Pá a thuilltear roimh 1 Eanáir ach a íoctar ar an dáta sin nó dá éis

Féadfaidh sé go dtuilltear pá roimh 1 Eanáir ach go n-íoctar é ar an dáta sin nó dá éis. Ní mór don fhostóir cáin, MSU agus Árachas Sóisialach Pá-Choibhneasa (ÁSPC) a asbhaint ag an tráth a dhéanann siad an íocaíocht. Ní mór dóibh na creidmheasanna cánach agus na scoithphointí cánach agus MSU atá infheidhmithe don fhostaí a fheidhmiú ag an am a dhéantar an íocaíocht. Ní mór an íocaíocht a thuairisciú do na Coimisinéirí Ioncaim ar an dáta pá, nó roimhe.