Modhanna le cáin a ríomh

Bonn Sheachtain 1

Tabhair do d’aire

Baineann an t-eolas ar an leathanach seo le dualgais reatha an fhostóra. Chun eolas ar dhualgais fostóra roimh 1 Eanáir 2019 a fháil, féach ar an  Employers Guide to PAYE.

Tugtar an ‘bonn neamhcharnach’ chomh maith ar bhonn Sheachtain 1, nó ar bhonn Mhí 1 i gcás fostaithe a íoctar go míosúil.

Ní mór d'fhostóirí cáin a ghearradh ar gach lá pá ina aonar, ar leithligh ó sheachtainí roimhe. Ní charntar pá agus creidmheasanna cánach ón 1 Eanáir roimhe.

Cén uair le bonn Sheachtain 1 a úsáid

Ní mór d'fhostóir bonn Sheachtain 1 a úsáid chun cáin fhostaí a ríomh má thugann a FPCI treoir don fhostóir é a úsáid.

Ar aghaidh: Bonn éigeandála