Modhanna le cáin a ríomh
Rialacha chun cáin a ríomh
Tabhair do d’aire
Baineann an t-eolas ar an leathanach seo le dualgais reatha an fhostóra. Chun eolas ar dhualgais reatha fostóra roimh 1 Eanáir 2019 a fháil, féach ar an treoir d’fhostóirí in Employers Guide to PAYE.
Seo mar a ríomhtar cáin ioncaim fostaí má íoctar iad go seachtainiúil:
- feidhmigh an gnáthráta canach ar a bpá incháinithe suas go dtí a scoithphointe seachtainiúil
- gearr an t-ardráta cánach ar iarmhéid an phá incháinithe os cionn a scoithphointe seachtainiúil
- suimigh an dá shuim le chéile
- bain uaidh suim a gcreidmheasanna cánach seachtainiúla.
Má íocann fostóir a chuid fostaithe gach coicís nó go míosúil, tá feidhm ag na prionsabail chéanna.
Tá samplaí ar fáil in Do cháin ioncaim a ríomh ar an gcaoi a n-oibríonn sé seo ó thaobh an fhostaí de. Tugtar míniú ann chomh maith ar chreidmheasanna cánach, ar scoithphointí cánach agus scoithphointí Muirir Shóisialaigh Uilíoch (MSU).
Is ar a mbonn cánach a bhraitheann suim scoithphointí agus creidmheasanna cánach na bhfostaithe a fheidhmítear in aon tréimhse phá. Tugtar míniú sna rannáin a leanas ar céard lena aghaidh atá gach bonn agus cén chaoi a mbíonn tionchar acu ar cháin.
Ar aghaidh: Bonn carnach