Lá pá an fhostaí – Cáin Ioncaim agus Muirear Sóisialach Uilíoch a ríomh

Tréimhsí pá seachtainiúla, coicísiúil, gach ceithre seachtaine, agus míosúil

Tabhair do d’aire

Baineann an t-eolas ar an leathanach seo le dualgais reatha fostóra. Chun eolas ar dhualgais fostóra roimh 1 Eanáir 2019 a fháil, féach an Employers Guide to PAYE.

Cuirtear creidmheasanna cánach, scoithphointí cánach agus scoithphointí Muirir Shóisialaigh Uilíoch (MSU) i bhfeidhm ar bhealaí éagsúla. Braitheann sé seo ar cé chomh minic a íocann fostóir fostaí.

Féadtar cáin a ghearradh ar bhonn éigeandála. Féadtar tuilleadh eolais ar an gcaoi leis seo a fheidhmiú a fháil sa rannán, bonn éigeandála.

Cabhróidh ár bhféilire seachtainiúil agus míosúil Cánach Ioncaim le fostóir a sceideal pá a eagrú.

Pá seachtainiúil

Ar bhonn carnach, ní mór d'fhostóir na nithe seo a leanas a chur i bhfeidhm suas go dtí agus lena n-áirítear an tseachtain ina dtiteann an lá pá:

  • creidmheasanna cánach
  • scoithphointí cánach 
  • agus
  • scoithphointí MSU.

I gcás bhonn sheachtain 1, ní mór d'fhostóir na suimeanna a léirítear ar an Fógra Párolla na gCoimisinéirí Ioncaim (FPCI)a chur i bhfeidhm.

Má thiteann an dáta pá ar an 30 nó 31 Nollaig, féach íocaíochtaí 'Seachtain 53' sa Employers’ Guide to PAYE mír 14.3.

Pá coicísiúil

I gcás bhonn carnach, ní mór d'fhostóir creidmheasanna cánach, scoithphointí cánach agus scoithphointí MSU a chur i bhfeidhm de réir mar a thaispeántar sa tábla.

Seachtainí ina gcuirtear scoithphointí i bhfeidhm ar phá coicísiúil

An tseachtain cánach ioncaim ina ndéantar an íocaíocht

Creidmheasanna cánach carnacha agus scoithphointí cánach agus scoithphointí MSU carnach ag seachtain uimhir a

1 nó 2

2

3 nó 4

4

5 nó 6

6

I gcás bhonn sheachtain 1, ní mór d'fhostóir dhá oiread na suime seachtainiúla a thaispeántar ar an FPCI a chur i bhfeidhm maidir le:

  • creidmheasanna cánach
  • scoithphointí cánach 
  • agus
  • scoithphointí MSU.

Má thiteann an dáta pá ar an 30 nó 31 Nollaig, féach íocaíochtaí 'Seachtain 53' sa Employers Guide to PAYE mír 14.3.

Pá gach ceithre seachtaine

I gcás an bhonn carnach, ní mór don fhostóir creidmheasanna cánach, scoithphointí cánach agus scoithphointí MSU a chur i bhfeidhm de réir mar a thaispeántar sa tábla.

Seachtainí a bhfuil scoithphointe le gearradh le haghaidh pá ceithre seachtaine

Seachtain cánach ioncaim ina ndéantar an íocaíocht

Creidmheasanna cánach carnacha, scoithphointí cánach agus scoithphointí MSU ag seachtain uimhir a

1-4

4

5-8

8

9-12

12

I gcás bhonn sheachtain 1, ní mór d'fhostóir ceithre oiread na suime seachtainiúla a thaispeántar ar an FPCI a chur i bhfeidhm:

  • creidmheasanna cánach,
  • scoithphointí cánach
  • agus
  • scoithphointí MSU.

Má thiteann an dáta pá ar an 30 nó 31 Nollaig, féach íocaíochtaí 'Seachtain 53' sa Employers Guide to PAYEmír 14.3.

Pá míosúil

I gcás bhonn carnach, ní mór d'fhostóir na nithe seo a leanas a chur i bhfeidhm suas go dtí agus lena n-áirítear an mhí ina dtiteann an lá pá:

  • creidmheasanna cánach carnacha
  • scoithphointí cánach
  • agus
  • scoithphointí MSU.

I gcás bhonn sheachtain 1, ní mór don fhostóir úsáid a bhaint as méid míosúil na gcreidmheasanna cánach, na scoithphointí cánach agus na scoithphointí MSU a thaispeántar ar FPCI.

Ar aghaidh: Tréimhsí pá dhá uair sa mhí, ráithiúil, leathbhliantúil agus bliantúil