Lá pá an fhostaí – Cáin Ioncaim agus Muirear Sóisialach Uilíoch a ríomh

Tréimhsí pá dhá uair sa mhí, ráithiúil, leathbhliantúil agus bliantúil

Tabhair do d’aire

Baineann an t-eolas ar an leathanach seo le dualgais reatha an fhostóra. Chun eolas ar dhualgais fostóra roimh 1 Eanáir 2019 a fháil, féach an Employers Guide to PAYE.

Creidmheasanna cánach, scoithphointí cánach agus scoithphointí Muirear Sóisialach Uilíoch (MSU) i bhfeidhm ar bhealaí éagsúla.  Braitheann sé seo ar mhinicíocht íocaíochta an fhostóra don fhostaí.

Féadtar cáin a ghearradh ar fhostaí ar bhonn éigeandála. Tá tuilleadh eolais ar an gcaoi leis seo a fheidhmiú sa rannán ar an mbonn éigeandála.

Cabhróidh ár bhféilire seachtainiúil agus míosúil Cánach Ioncaim le fostóir a sceideal pá a eagrú.

Pá dhá uair sa mhí

I gcás an bhoinn charnaigh:

Íocaíochtaí a dhéantar ag deireadh na míosa

Ní mór don fhostóir an méid seo a leanas a fheidhmiú don mhí chánach ioncaim ina ndéantar an íocaíocht:  

  • na creidmheasanna cánach carnacha,
  • na scoithphointí cánach
  • agus
  • scoithphointí MSU. 

Tá siad seo san áireamh ar Fhógra Párolla na gCoimisinéirí Ioncaim (FPCI).

Íocaíochtaí i lár na míosa

I mí Eanáir, is ionann na suimeanna atá le fritháireamh in aghaidh íocaíochta lár na míosa agus leath na nithe seo a leanas do mhí 1:

  • creidmheasanna cánach
  • scoithphointí cánach
  • agus
  • scoithphointí MSU.

Is éard atá sna suimeanna atá le chur i bhfeidhm i leith íocaíochta i lár na míosa a dhéantar in aon mhí eile ná iomlán an dá cheann díobh seo:

  • na creidmheasanna cánach carnacha, scoithphointí cánach agus scoithphointí MSU don mhí Cánach Ioncaim díreach roimh an mhí ina ndéantar an íocaíocht
  • agus
  • leath de na creidmheasanna cánach míosúla, scoithphointí cánach agus scoithphointí MSU don mhí chánach ioncaim reatha.

Sampla

Is i lár mhí Lúnasa atá lá pá áirithe.

Ní mór don fhostóir iomlán na gcreidmheasanna cánach carnacha, agus na scoithphointí cánach agus scoithphointí MSU le haghaidh mí Iúil a fheidhmiú. Ina theannta sin, ba chóir don fhostóir leath de na creidmheasanna cánach agus de na scoithphointí cánach agus scoithphointí MSU míosúla le haghaidh mí Lúnasa a fheidhmiú.

I gcás bhonn mhí 1, ní mór don fhostóir leath de na creidmheasanna cánach, scoithphointí cánach agus scoithphointí MSU míosúla a léirítear ar an FPCI  a fheidhmiú.

Pá ráithiúil

I gcás an bhonn charnaigh, ní mór don fhostóir na creidmheasanna cánach, scoithphointí cánach agus scoithphointí MSU míosúla seo a leanas a fheidhmiú:

Íocaíochtaí a dhéantar idir (gach dáta san áireamh)

Creidmheasanna cánach carnach, scoithphointí cánach agus scoithphointí MSU carnach dlite ar

1 Eanáir - 31 Márta

Mí 3

1 Aibreán - 30 Meitheamh

Mí 6

1 Iúil - 30 Meán Fómhair

Mí 9

1 Deireadh Fómhair - 31 Nollaig

Mí 12

I gcás an bhonn mhí 1, ní mór don fhostóir ceathrú cuid den mhéid bliantúil a léirítear ar an FPCI a chur i bhfeidhm i leith na nithe seo a leanas:

  • creidmheasanna cánach
  • scoithphointí cánach
  • agus
  • scoithphointí MSU.

Pá leathbhliantúil

I gcás an bhonn charnaigh, is cuma cén dáta ar a ndéanann an fostóir na híocaíochtaí:

  • Don chéad íocaíocht, ní mór don fhostóir na creidmheasanna cánach, na scoithphointí cánach agus scoithphointí MSU carnacha a chur i bhfeidhm suas go dtí, agus lena n-áirítear, mí 6.
  • Don dara íocaíocht, ní mór don fhostóir na creidmheasanna cánach, na scoithphointí cánach agus scoithphointí MSU carnacha a chur i bhfeidhm suas go dtí, agus lena n-áirítear, mí 12.

I gcás bhonn mhí 1, ní mór don fhostóir leath de na creidmheasanna cánach, na scoithphointí cánach agus scoithphointí MSU bliantúla a léirítear ar an FPCI a chur i bhfeidhm.

Pá bliantúil

I gcás an bhonn charnaigh, is cum cén dáta a ndéantar an íocaíocht, ní mór don fhostóir an méid bliantúil a chur i bhfeidhm maidir le:

  • creidmheasanna cánach,
  • scoithphointí cánach 
  • agus
  • scoithphointí MSU.

I gcás bhonn mhí 1, ní mór d'fhostóir méid bliantúil na gcreidmheasanna cánach, na scoithphointí cánach agus na scoithphointí MSU a léirítear ar an FPCI a chur i bhfeidhm.

Ar aghaidh: Íocaíochtaí do thréimhsí neamhrialta