Tá Séamas 68 bliain d'aois, agus pósta. Tá sé faoin mbonn cóimheasúnaithe. Tá beirt leanaí cleithiúnacha aige agus ioncam €38,000 aige do 2025. Ceadaítear creidmheas cánach iomlán €6,490 dó a bhfuil an méid seo a leanas ann:
Creidmheasanna iomlána Shéamais
| Creidmheasanna | Méid |
| Creidmheas cánach pearsanta |
€4,000 |
| Creidmheas cánach fostaí |
€2,000 |
| Creidmheas cánach aoise |
€490 |
| Iomlán |
€6,490 |
Is é an teorainn díolúine atá i gceist do Shéamas ná €37,150 (€36,000 + €575 + €575) ar an ábhar go bhfuil sé faoin mbonn cóimheasúnaithe agus go bhfuil beirt leanaí cleithiúnacha aige.
Níl sé i dteideal an díolúine Cháin Ioncaim ar an ábhar go bhfuil a ioncam níos mó ná teorainn na díolúine. Tá a ioncam níos lú dhá oiread a theorainn díolúine, mar sin féadfaidh sé go bhfuil faoiseamh imeallach i gceist.
Murar feidhmíodh faoiseamh imeallach, ríomhfaí dliteanas cánach Shéamais mar seo a leanas:
Cáin gearrtha faoin ngnáthchóras (20%)
| Ioncam iomlán | €38,000 |
| Cáin @ 20% |
€7,600 |
| Lúide creidmheasanna cánach |
€6,490 |
| Cáin dhlite |
€1,110 |
Dá bhfeidhmeofaí faoiseamh imeallach, ríomhfaí dliteanas cánach Shéamais mar seo a leanas
Cáin gearrtha faoi fhaoiseamh imeallach (40%)
| Ioncam iomlán | €38,000 |
| Lúide an díolúine |
€37,150 |
| Farasbarr |
€850 |
| Cáin dhlite @ 40% |
€340 |
Sa chás seo, tá faoiseamh imeallach níos tairbhiúla do Shéamas ná a chreidmheasanna cánach a úsáid. Deonfaidh na Coimisinéirí Ioncaim faoiseamh imeallach do Shéamas agus beidh dliteanas Cháin Ioncaim €340 aige do 2025.