Díolúine agus faoiseamh imeallach

  1. Léargas ginearálta
  2. Teorainneacha díolúine
  3. Cén chaoi le d'ioncam iomlán a ríomh
  4. Faoiseamh imeallach

Cén chaoi le d'ioncam iomlán a ríomh

Is éard é d’ioncam iomlán ann ná d’ioncam comhlán ó gach foinse lúide asbhaintí áirithe, amhail costais, liúntais agus faoisimh.

Má tá tú pósta nó i bpáirtnéireacht shibhialta agus faoin mbonn cóimheasúnaithe, áirítear ioncam do chéile nó do pháirtnéara shibhialta san ioncam iomlán.

Má thuilleann tú ús ar thaiscí nó ioncam ó dhíbhinní, ní mór duit na figiúirí comhlán a úsáid agus an t-ioncam iomlán á ríomh agat. 

Más lú an t-ioncam iomlán a fhaigheann tú ná teorainn na díolúine, ní íocfaidh tú aon Cháin Ioncaim.

Ar aghaidh: Faoiseamh imeallach