Cáin agus an Muirear Sóisialta Uilíoch (MSU) a aisíoc

Tabhair do d’aire

Baineann an t-eolas sa rannán seo le dualgais reatha an fhostóra. Chun eolas a fháil ar dhualgais an fhostóra roimh an 1 Eanáir 2019, féach Employers' Guide to Pay As You Earn (PAYE).

Féadfaidh fostóir Cáin Ioncaim agus MSU a aisíoc le fostaí i gcúinsí áirithe. Ní mór don fhostóir aon aisíocaíochtaí a rinneadh a thaifeadadh i dtíolacadh párolla an fhostaí.

Chun eolas a fháil faoi aisíocaíochtaí Árachais Shóisialaigh Pá-Choibhneasa (ÁSPC), féach ar shuíomh idirlín na Roinne Coimirce Sóisialaí (RCS).

Cúiseanna le Cáin Ioncaim agus MSU a aisíoc

Aisíocaíochtaí mar gheall ar an mbonn carnach

D'fhéadfadh sé go mbeadh creidmheasanna cánach carnach an fhostaí níos mó ná an cháin charnach atá dlite i dtréimhse pá áirithe. Sa chás sin, níor cheart don fhostóir cáin a asbhaint ó phá an fhostaí don tréimhse sin. D'fhéadfadh sé go mbeadh ar an bhfostóir cuid den cháin a d'íoc an fostaí níos luaithe sa bhliain a aisíoc.

Aisíocaíochtaí mar gheall ar neamhláithreacht

D'fhéadfadh fostaí a bheith as láthair ón obair, mar shampla má tá a n-ionad oibre dúnta go sealadach, nó má ghlacann siad saoire gan phá. Féadfaidh an fostóir Cáin Ioncaim agus MSU a aisíoc leis an bhfostaí sa tréimhse seo más amhlaidh:

  • nach bhfuil an fostaí i dteideal aon phá a fháil ar an ngnáthlá pá
  • nach bhfuil an fostaí i dteideal aon sochar incháinithe a fháil ón RCS
  • go bhfuil cáin á ghearadh ar an bhfostaí ar bhonn carnach.

Ba cheart don fhostóir creidmheasanna cánach carnacha an fhostaí, na scoithphointí cánach agus na scoithphointí MSU a chur i bhfeidhm ar a bpá carnach ar an dáta sin.

Aisíocaíochtaí mar gheall ar fhostaíocht scortha

Má stop fostaí ag obair d'fhostóir agus má tá siad dífhostaithe anois, níor cheart don fhostóir aisíocaíocht a dhéanamh leo. Déanfaidh na Coimisinéirí Ioncaim aon Cháin Ioncaim agus MSU atá dlite don fhostaí a aisíoc.

Má athraíonn fostaí poist, aisíocfaidh a bhfostóir nua aon Cháin Ioncaim agus MSU a d'fhéadfadh a bheith ró-íoctha acu.

Cáin a aisíocadh le fostaí

Má dhéanann fostóir aisíocaíocht Cánach agus MSU le fostaí, ba cheart don fhostóir é seo a thuairisciú sa tíolacadh párolla. Léireofar é seo ansin ina ráiteas míosúil. Laghdófar dliteanas an fhostóra don tréimhse sin dá réir.

Aisíocaíochtaí mar gheall ar íocaíocht neamhrialta díolaíochtaí

Féadfaidh fostóir Cáin Ioncaim agus MSU a aisíoc le fostaí sa mhí dheireanach den bhliain nuair:

  • a fhaigheannn an fostaí íocaíocht neamhrialta fostaíochta
  • agus
  • nach bhfuil an fostaí ag fáil aon íocaíocht i rith mhí na Nollag

Ní fhéadfaidh an fostóir Cáin Ioncaim agus MSU a aisíoc ach amháin má tá Fógra Párolla na gCoimisinéirí Ioncaim (FPCI) ar bhonn carnach faighte acu don fostaí.