Tréimhsí dífhostaíochta

Léargas ginearálta

Féadfaidh sé go bhfuil tú dífhostaithe agus gur íoc tú Cáin Ioncaim, Muirear Sóisialach Uilíoch (MSU) nó iad araon. Más ea, féadfaidh sé go bhfuil tú i dteideal aisíocaíocht a fháil mura bhfuil tú ag obair agus:

  • má tá sé ar intinn agat dul ar ais ag obair roimh dheireadh na bliana
  • mura bhfuil sé ar intinn agat dul ar ais ag obair roimh dheireadh na bliana
  • má tá tú chun dul thar lear.

Nuair a fhilleann tú ar an obair, ba chóir do d’fhostóir nua na Coimisinéirí Ioncaim a chur ar an eolas agus Fógra Párolla na gCoimisinéirí Ioncaim (FPCI) nua a iarraidh. Cuirfidh an FPCI do shonraí cánach agus bandaí ráta cearta ar fáil do d’fhostóir. Cinnteoidh sé seo go mbeidh an cháin cheart á híoc agat i do phost nua. Féadfaidh sé go mbeidh ort cáin a íoc ar Shochar Cuardaitheora Poist a fhaigheann tú agus tú dífhostaithe.

Ar aghaidh: An chaoi le haisíocaíocht chánach agus MSU a éileamh má tá tú dífhostaithe