Tréimhsí dífhostaíochta

An chaoi le haisíocaíocht chánach agus MSU a éileamh má tá tú dífhostaithe

Cuirfidh d’fhostóir do shonraí pá agus cánach agus do dháta fágála ar fáil do na Coimisinéirí Ioncaim.

Féadtar éileamh i leith aisíocaíocht dífhostaíochta a dhéanamh:

  • láithreach, má cuireadh Cáin Éigeandála i bhfeidhm i d’fhostaíocht dheireanach
  • láithreach, má tá tú ag fágáil Éireann go buan
  • ceithre seachtaine tar éis duit a bheith dífhostaithe, mura bhfuil aon ioncam incháinithe eile á fháil agat
  • ocht seachtaine tar éis duit a bheith dífhostaithe, má tá ioncam incháinithe á fháil agat amhail Sochar Cuardaitheora Poist.

Chun aisíocaíocht a éileamh:

Nuair atá aisíocaíochtaí cánach á ríomh, cuirtear san áireamh an tsuim incháinithe de roinnt íocaíochtaí leasa shóisialaigh.

Ar aghaidh: Creidmheasanna cánach a aistriú chuig céile nó chuig páirtnéir sibhialta