Cáin ar íocaíochtaí leasa shóisialaigh áirithe a fhaigheann fostaithe

Léargas ginearálta

Tá trí phríomhchineál íocaíochtaí leasa shóisialaigh ann a dhéanann An Roinn Coimirce Sóisialaí (RCS):

  1. Íocaíochtaí ranníocacha, mar shampla, Sochar Breoiteachta. Tá sé bunaithe ar do ranníocaíochtaí Árachais Shóisialaigh Pá-Choibhneasa (ÁSPC).
  2. Íocaíochtaí neamh-ranníocacha, mar shampla, Liúntas Cuardaitheora Poist. Tá sé seo bunaithe ar thástáil acmhainne.
  3. Íocaíochtaí uilíocha, mar shampla, Sochar Leanaí. Níl sé seo bunaithe ar ranníocaíochtaí ÁSPC ná ar thástáil acmhainne.

Mínítear sa rannán seo cén chaoi a ngearrtar cáin ar ar íocaíochtaí leasa shóisialaigh áirithe a fhaigheann fostaithe.

Ar aghaidh: Cáin a ghearrtar ar shochair bhreoiteachta, díobhála ceirde, agus cumais pháirtigh