Cáin ar íocaíochtaí leasa shóisialaigh áirithe a fhaigheann fostaithe

Cáin a ghearrtar ar shochair bhreoiteachta, díobhála ceirde, agus cumais pháirtigh

Ón 1 Eanáir 2018, níor chóir d’fhostóirí pá fostaithe a leasú d’fhonn an cháin atá dlite ar íocaíochtaí Sochair Bhreoiteachta a bhailiú. Bailíonn na Coimisinéirí Ioncaim anois aon cháin atá dlite ar na híocaíochtaí trí chreidmheasanna cánach agus bandaí ráta fostaí a laghdú faoi mhéid an tSochair Breoiteachta a fuarthas. Níl na híocaíochtaí Sochair Bhreoiteachta seo faoi dhliteanas an Mhuirir Shóisialaigh Uilíoch (MSU) ná Árachas Sóisialach Pá-Choibhneasa (ÁSPC). Ní leasófar bandaí ráta MSU an fhostaí. 

Seolann an Roinn Coimirce Sóisialaí (RCS) sonraí faoin éileamh Sochair Breoiteachta go díreach chuig na Coimisinéirí Ioncaim. Eiseoidh muid Fógra Párolla na gCoimisinéirí Ioncaim (FPCI) nuashonraithe chuig an bhfostóir. 

Féadtar glacadh leis go gciallaíonn tagairtí do Shochar Breoiteachta ar an leathanach seo Sochar Díobhála Ceirde agus Sochar Cumais Pháirtigh. Tá cánachas na sochar seo comhchosúil.

Tabhair do d'aire

Baineann an t-eolas sa rannán seo le dualgais reatha an fhostóra. Chun eolas ar dhualgais an fhostóra roimh an 1 Eanáir 2019 a fháil, féach an Employers' Guide to PAYE.

Ar aghaidh: Conas fostaí a íoc atá ag fáil Sochar Breoiteachta