Cáin ar íocaíochtaí leasa shóisialaigh áirithe a fhaigheann fostaithe

Conas fostaí a íoc atá ag fáil Sochar Breoiteachta

Tabhair do d’aire

Baineann an t-eolas sa rannán seo d'oibleagáidí reatha an fhostóra. Le haghaidh oibleagáidí fostóra roimh 1 Eanáir 2019, féach an Employer’s Guide to PAYE.

Sa chás go bhfuil scéim pá breoiteachta i bhfeidhm, níor chóir don fhostóir cáin a ghearradh ach amháin ar an sciar sin de thuarastal fostaí a bhaineann le pá. Bailíonn na Coimisinéirí Ioncaim an cháin dhlite i leith aon íocaíochtaí Sochair Breoiteachta de bhun chreidmheasanna cánach agus bhandaí ráta an fhostaí a laghdú. Ní mór d’fhostóirí na creidmheasanna cánach agus bandaí ráta a úsáid mar atá ar an Fógra Párolla na gCoimisinéirí Ioncaim (FPCI) is déanaí arna eisiúint ag na Coimisinéirí Ioncaim. 

Seo thíos trí shampla a mhíníonn an chaoi a n-oibríonn an próiseas Sochair Breoiteachta.

Sampla 1 (Íoctar an Sochar Breoiteachta go díreach leis an bhfostóir)

Íoctar Pádraig go seachtainiúil (is é an Aoine an lá pá) agus thug sé treoir don Roinn Coimirce Sóisialaí (RCS) aon Sochar Breoiteachta a íoc go díreach lena fhostóir. Bhí sé tinn ón gCéadaoin, 11 Márta 2026.

Lá pá: Dé hAoine 13 Márta 2026

Íocann an fostóir Pádraig mar is gnáth, mar nach n-íocann an RCS aon Sochar Breoiteachta don chéad trí lá d'éileamh.

Lá pá: Dé hAoine 20 Márta 2026

Tá íocaíocht €200 faighte ag an bhfostóir ón RCS. Íoctar €500 sa tseachtain le Pádraig de ghnáth. Chun críocha cánach, níor chóir an €200 a áireamh i ríomh na nithe seo a leanas:

• Íoc Mar a Thuillir (ÍMAT)

• Muirear Sóisialach Uilíoch (MSU)

• Árachas Sóisialach Pá-Choibhneasa (ÁSPC)

Laghdaíonn an fostóir an pá seachtainiúil incháinithe chuig €300 (€500 – €200).

Lá pá: Dé hAoine 27 Márta 2026

D'fhill an fostaí ar an obair Dé Máirt, 24 Márta. Tháinig FPCI nuashonraithe ó na Coimisinéirí Ioncaim le creidmheasanna cánach agus banda ráta laghdaithe. Ní ghearrann an fostóir ach an sciar den tuarastal a bhaineann le pá ar an ábhar go bhfuil an Sochar Breoiteachta san áireamh ar an FPCI is déanaí.

Ní mór don fhostóir gan an Sochar Breoiteachta a fhaightear a chur san áireamh ar an tíolacadh párolla a sheoltar chuig na Coimisinéirí Ioncaim.

Sampla 2 (íoctar an Sochar Breoiteachta go díreach leis an bhfostaí)

Íoctar Niamh go coicísiúil agus oibríonn a fostóir scéim pá breoiteachta. Chuaigh sí amach ar saoire bhreoiteachta ón 3 Márta 2026 agus tá na híocaíochtaí uile Sochair Breoiteachta á n-íoc go díreach léi.

Lá pá: Dé hAoine 6 Márta 2026

D’íoc an fostóir Niamh mar is gnáth.

D'fhill Niamh ar an obair ar an 17 Márta 2026. D’íoc an RCS Sochar Breoiteachta de €244 léi, rud a thug sí dá fostóir. Tháinig FPCI nuashonraithe ó na Coimisinéirí Ioncaim ar an 18 Márta 2026 le creidmheasanna cánach agus banda ráta laghdaithe.

Is gá don fhostóir teagmháil dhíreach a dhéanamh le Niamh maidir le sonraí faoin éileamh Sochair Breoiteachta.

Lá pá: Dé hAoine 20 Márta 2026

Ba chóir don fhostóir an pá incháinithe a laghdú de shuim an tSochair Breoiteachta a fhaightear go dtí seo (€244). Ní mór dóibh ansin an FPCI is déanaí a fuarthas ar an 18 Márta 2026 a chur i bhfeidhm.

Sampla 3 (Ní oibríonn an fostóir scéim pá breoiteachta )

Íoctar Áine go seachtainiúil agus tá sí ar saoire bhreoiteachta ó Déardaoin 29 Eanáir 2026.

Íocadh í ar an Aoine, 30 Eanáir as ucht na trí lá a d’oibrigh sí an tseachtain sin. Níor íoc an fostóir í ar an 6 nó 13 Feabhra toisc go raibh sí ar saoire bhreoiteachta go fóill.

D’fhill Áine ar an obair Dé Luain, 16 Feabhra 2026 agus d’eisigh na Coimisinéirí Ioncaim FPCI nuashonraithe chuig an bhfostóir an lá dar gcionn. Áirítear san fhógra seo an tsuim Sochair Breoiteachta incháinithe a fuair Áine. 

Ar an gcéad lá pá eile (Dé hAoine, 20 Feabhra), gearrtar cáin ar phá Áine mar is gnách. Gearrtar é seo don tréimhse ó 17 go dtí 20 Feabhra leis an FPCI is déanaí.

Ar aghaidh: Cáin a ghearrtar ar Shochair Mháithreachais, Atharthachta, Tuismitheora, Uchtála, agus Sochair Sláinte agus Sábháilteachta