Cáin Éigeandála
Cén chaoi le haisíocaíocht Cánach Éigeandála agus a fháil
Beidh d’fhostóir in ann Fógra Párolla na gCoimisinéirí Ioncaim (FPCI) a íoslódáil nuair atá:
Nuair a fhaigheann d’fhostóir FPCI duit, ní chuirfear Cáin Éigeandála i bhfeidhm a thuilleadh. Is ar bhonn carnach nó ar bhonn Sheachtain 1 (neamhcharnach) a bheidh an FPCI.
Tabhair do d’aire
Féadtar féachaint ar do thaifead cánach agus é a bhainistiú in Seirbhísí ÍMAT in moChúrsaí.
Aisíocaíocht sa chás go bhfuil FPCI carnach ag d’fhostóir duit
Déanfaidh d’fhostóir an tsuim cheart chánach ar chóir a bheith íoctha agat ó thús na bliana (Eanáir) a ríomh. Ar do chéad lá pá eile, aisíocfaidh d’fhostóir aon Cháin Ioncaim agus Muirear Sóisialach Uilíoch (MSU) leat a ndearna tú ró-íocaíocht air.
Braitheann an lá pá a gheobhaidh tú d’aisíocaíocht ar an dáta a fhaigheann d’fhostóir an FPCI.
Aisíocaíocht sa chás go bhfuil FPCI Seachtain 1 (neamhcharnach) ag d’fhostóir duit
Ní fhéadann d’fhostóir aon aisíocaíochtaí Cánach Ioncaim agus MSU a d'fhéadfadh a bheith dlite duit a dhéanamh leat go dtí go gcuirtear FPCI carnach ar fáil dóibh.
Féadtar teagmháil a dhéanamh leis na Coimisinéirí Ioncaim le fáil amach cén fáth a bhfuil tú ar an mbonn Sheachtain 1 mar seo a leanas:
Aisíocaíocht sa chás gur bhog tú go post nua
Féadfaidh sé gur bhog tú go dtí post nua sa bhliain chéanna sula ndearna d’iarfhostóir aisíocaíocht leat. Más ea, déanfaidh d’fhostóir nua an aisíocaíocht leat nuair a fhaigheann siad FPCI carnach ó na Coimisinéirí Ioncaim duit.
Aisíocaíocht sa chás gur fhág tú do phost agus go bhfuil tú dífhostaithe
Má fhágann tú do phost roimh aisíocaíocht a fháil agus má tá tú dífhostaithe, féadtar aisíocaíocht chánach Ioncaim agus MSU a éileamh go díreach ó na Coimisinéirí Ioncaim.
Cén chaoi le haisíocaíocht a éileamh ar aisíocaíocht ó bhliain roimhe seo
I gcás aisíocaíochtaí ar Cháin Éigeandála ó bhliain roimhe seo, ní mór Tuairisceán Cánach don bhliain sin a thíolacadh. Ligfidh sé seo do na Coimisinéirí Ioncaim athbhreithniú a dhéanamh ar an mbliain agus aon aisíocaíocht dhlite a eisiúint.
Is é an bealach is tapúla agus is éasca chun éileamh ar aisíocaíocht a dhéanamh ná úsáid a bhaint as ár seirbhís ar líne moChúrsaí chun Tuairisceán Cánach Ioncaim a chomhlánú.
Chun aisíocaíocht a éileamh do bhliain roimhe seo lean na céimeanna thíos:
- Sínigh isteach ar moChúrsaí.
- Cliceáil ar an nasc ‘Déan athbhreithniú ar do cháin le haghaidh na 4 bliana roimhe seo'’ faoin gcluaisín 'Seirbhísí ÍMAT'.
- Ráiteas Dliteanais a iarraidh.
- Cliceáil ar ‘Comhlánaigh Tuairisceán Cánach Ioncaim’.
Tabhair do d’aire
Féadfaidh moill a bheith i gceist i leith d’aisíocaíocht má tharla aon cheann díobh seo a leanas le déanaí:
- poist ghníomhacha iomadúla
- aistriú liúntais
- fadhbanna cónaitheachta.
Má bhíonn moill i gceist, féadtar teagmháil a dhéanamh leis na Coimisinéirí Ioncaim ag baint úsáid as an tseirbhís M’Fhiosruithe in moChúrsaí.
Ar aghaidh: Cáin éigeandála ar phinsin phearsanta a sheachaint