Cáin Éigeandála

Cáin éigeandála ar phinsin phearsanta a sheachaint

D’fhéadfá pinsean neamh-Stáit a fháil a íoctar trí:

  • d'iarfhostóir
  • sholáthraí pinsin
  • sholáthraí pinsin do chéile nó do pháirtnéara shibhialta éagtha.

Mura féidir leis an soláthraí pinsin Fógra Párolla na gCoimisinéirí Ioncaim (FPCI) a íoslódáil ar do shon, ní mór dóibh Cáin Éigeandála a chur i bhfeidhm ar d'íocaíocht pinsin.

Chun nach n-asbhainfear Cáin Éigeandála ón bpinsean seo, is féidir leat:

  • d'Uimhir Phearsanta Seirbhíse Poiblí (UPSP) a thabhairt do do sholáthraí pinsin agus féadfaidh siad FPCI a iarraidh ar Coimisinéirí Ioncaim ar do shon
  • Cuir na Coimisinéirí Ioncaim ar an eolas faoi do phinsean nua trí chliceáil ar 'Cuir Sonraí Poist nó Pinsin leis' faoi 'Seirbhísí ÍMAT' i moChúrsaí. Cuirfear FPCI ar fáil do sholáthraí pinsin.

Nuair a fhaigheann do sholáthraí pinsin an FPCI, ní mór dóibh é a úsáid chun d'asbhaintí a ríomh:

Eiseofar Deimhniú Creidmheasanna Cánach (DCC) chugat freisin. Beidh tú in ann do DCC a fheiceáil, a phriontáil nó a íoslódáil sa bhfillteán 'Mo Chuid Doiciméad' in moChúrsaí.

Ba chóir aon cheisteanna maidir le do tháirge pinsin a sheoladh chuig do sholáthraí pinsin.