Do chéad phost a thosú

Céard ba chóir a dhéanamh

Ag clárú le haghaidh Cáin Ioncaim

Nuair a thosaíonn tú ag obair den chéad uair, ní mór duit do phost a chlárú chomh luath agus is féidir. Déantar sé seo chun Cáin Éigeandála a sheachaint. Ní mór duit é seo a dhéanamh fiú más post páirtaimseartha nó post sealadach atá agat. Chun é seo a dhéanamh, ní mór an méid seo a leanas a dhéanamh:

  1. Cuir isteach ar Uimhir Phearsanta Seirbhíse Poiblí (UPSP) mura bhfuil ceann agat cheana féin. Tá UPSP ar fáil ón Roinn Coimirce Sóisialaí (RCS).
  2. Cláraigh le haghaidh moChúrsaí.

Do phost nua a chlárú

Nuair a fhaigheann tú do phasfhocal do moChúrsaí, beidh tú in ann do phost nua a chlárú. Chun clárú, cliceáil ar an nasc ‘Cuir post nó pinsean leis’ faoin táb 'Seirbhísí ÍMAT' in moChúrsaí moChúrsaí. Iarrfar ort na sonraí seo a leanas a thabhairt:

  • Uimhir thagartha cánach d’fhostóra (TRN).
  • Dáta tosaithe do phoist nó do phinsean nua.
  • Míníocht do phá (cé chomh minic agus a íoctar tú).

Cén chaoi le do chéad phost a chlárú

  1. Sínigh isteach ar moChúrsaí.
  2. Roghnaigh ‘Cuir Isteach Post' nó 'Cuir Isteach Pinsean’ sa rannán 'Seirbhísí ÍMAT'.
  3. Cuir isteach Uimhir Thagartha Cánach (TRN) d’fhostóra.
  4. Chur Isteach Sonraí an Phoist: (tá 3 cheist le freagairt sa ranná seo)
    • Sonraí tosaithe.
    • Minicíocht phá.
    • Cuir in iúl más striúrthóir dílseánaigh thú. 
  5. Éiligh Costais Chothromráta má tá do phost i dtionscal cáilitheach. 
  6. Cuir isteach do stádas cónaitheachta. 
  7. Deimhnigh d'ioncam iomlán measta don bhliain. 
  8. Deimhnigh na sonraí a thíolacadh. 
  9. Cuir isteach do phasfhocal, agus ansin sínigh agus tíolaic chun do phost a chlárú. 

Sainmhíniú

Is stiúrthóir dílseánach é stiúrthóir:

• atá ina úinéir tairbhiúil ar chuideachta

 agus

• a fhéadfaidh sé níos mó ná 15% de ghnáth-scairchaipiteal cuideachta a rialú go díreach nó go hindíreach.

Cinnfear leis an bhfaisnéis seo an bhfuil tú i dteideal:

Féach ar do Dheimhniú Creidmheasanna Cánach (DCC)

Beidh tú in ann féachaint ar do Dheimhniú Creidmheasanna Cánach taobh istigh de dhá lá oibre. Chun féachaint ar do Dheimhniú Creidmheasanna Cánach, cliceáil ar an nasc ‘Bainistigh do cháin’ faoi ‘Seirbhísí ÍMAT’ in moChúrsaí. Féadtar féachaint ar do Dheimhniú Creidmheasanna Cánach (DCC) in 'Mo Chuid Doiciméad' ag barr an leathanaigh baile in moChúrsaí.

Cuirfidh na Coimisinéirí Ioncaim Fógra Párolla na gCoimisinéirí Ioncaim (FPCI) ar fáil do d’fhostóir ar a léireofar do chreidmheasanna cánach iomlána agus do bhandaí ráta. Féadann d’fhostóir ansin na hasbhaintí cearta cánach a dhéanamh ó do phá.

Chun tuilleadh eolais a fháil faoi fhostaithe céaduaire, féach an Tax and Duty Manual Part 38-06-02A

Ar aghaidh: Cén chaoi a ríomhtar do cháin