Costais bhunráta

Is éard is Costais Chothromráta ann ná an costas ar threalamh a theastaíonn uait chun obair a dhéanamh, má tá tú fostaithe. Folaíonn an trealamh seo uirlisí, éidí agus stáiseanóireacht i measc trealamh eile.

Féach Liúntais Costas Cothromráta le haghaidh tuilleadh eolais.

Chun Costais Chothromráta a éileamh sa bhliain reatha:

  • Sínigh isteach ar moChúrsaí.
  • Roghnaigh ‘Bainistigh do Cháin 2023'.
  • Cliceáil ar ‘Déan éileamh ar chreidmheasanna cánach’.
  • Roghnaigh 'Do phost' agus cliceáil ar 'Chostais Chothromráta'.
  • Comhlánaigh agus tíolaic an fhoirm.

Chun Costais Chothromráta a éileamh le haghaidh 2019 agus blianta ina dhiaidh:

  • Sínigh isteach ar moChúrsaí.
  • Cliceáil ar an nasc ‘Déan athbhreithniú ar do cháin 2019-2022’ faoin gcluaisín Seirbhísí ÍMAT.
  • Iarr Ráiteas Dliteanais.
  • Cliceáil ar ‘Comhlánaigh Tuairisceán Cánach Ioncaim’.
  • Ar an leathanach ‘Creidmheasanna & Faoisimh Chánach’, roghnaigh ‘Do phost-Costais Chothromráta’ agus cuir leis é mar chreidmheas cánach.
  • Comhlánaigh agus tíolaic an fhoirm .

Féadtar Costais Chothromráta a éileamh ar an Tuairisceán Cánach Ioncaim (Foirm 11) trí Sheirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS).