Do chéad phost a thosú

Cén chaoi a ríomhtar do cháin

Cuirfidh na Coimisinéirí Ioncaim Fógra Párolla na gCoimisinéirí Ioncaim (FPCI) ar fáil do d’fhostóir nuair a bheidh do phost cláraithe agat leis na Coimisinéirí Ioncaim. Tar éis do d’fhostóir an FPCI a fháil, féadann siad na hasbhaintí cearta den mhéid seo a leanas a ríomh:

Cáin Ioncaim 

Ríomhtar Cáin Ioncaim ar do ‘phá incháinithe’. Is é seo an tsuim incháinithe a thuilleann tú tar éis ranníocaíochtaí pinsin agus árachais bhuain sláinte a bheith asbhainte.

Íoctar Cáin Ioncaim ag an ráta caighdeánach cánach (20% faoi láthair) suas le méid do bhanda ráta caighdeánach don tréimhse phá sin. Gearrtar cáin ag an ardráta cánach (40%) ar aon ioncam os cionn do bhanda ráta caighdeánach. Cuirtear an dá mhéid seo le chéile agus is ionann é seo agus do ‘Cháin Ioncaim Chomhlán’. Laghdaítear an figiúr seo le do creidmheasanna cánach chun teacht ar an tsuim cánach atá le híoc agat.

Tá samplaí ar fáil a léiríonn an chaoi a ríomhtar do Cáin Ioncaim in Do Cháin Ioncaim a ríomh.

Chun a chinntiú go n-íocann tú an méid ceart Cánach Ioncaim, déan cinnte i gcónaí go bhfuil do chreidmheasanna cánach i gceart.

MSU

Muirear sa bhreis ar Cháin Ioncaim is ea seo. Braitheann asbhaintí MSU ar na tairseacha agus na rátaí MSU a bhaineann leat. 

Tá samplaí den chaoi a ríomhtar USC ar faíl faoi Do USC a ríomh. 

ÁSPC

Muirear sa bhreis ar Cháin Ioncaim agus MSU is ea seo. Braitheann asbhaintí ÁSPC ar an aicme ÁSPC ina bhfuil tú. Le haghaidh tuilleadh eolais, féach ar shuíomh idirlín na An Roinn Coimirce Sóisialaí (RCS) .

Ar aghaidh: Bonn carnach