Cánachas ar an Íocaíocht Dífhostaíochta Paindéime (IDP)
Léargas ginearálta
Tabhair do d’aire
Tá an íocaíocht IDP dúnta anois.
Bhí an IDP ar fáil d’fhostaithe agus don lucht féinfhostaithe a chaill a bpost ar an 13 Márta 2020, nó ina dhiaidh, mar thoradh ar phaindéim COVID-19. Ba é an Roinn Coimirce Sóisialaí (RCS) a d’íoc an IDP. Is foinsí incháinithe ioncaim iad íocaíochtaí ón Roinn Coimirce Sóisialaí (RCS), ach amháin má tá siad díolmhaithe go sonrach ó cháin.
Is íocaíocht incháinithe a bhí san IDP. Bhí sé faoi réir Cánach Ioncaim ach ní raibh sé faoi réir an Mhuirir Sóisialaigh Uilíoch (MSU) ná Árachas Sóisialach Pá-Choibhneasa (ÁSPC).
Bhraith an chaoi gur ghearr na Coimisinéirí Ioncaim cáin ar d’íocaíocht IDP ar an mbliain a fuair tú í. Léiríonn an rannán seo an chaoi a gearradh cáin ar íocaíochtaí IDP, agus na rudaí a bhí le déanamh nuair a tháinig deireadh le d’íocaíochtaí IDP.
Ar aghaidh: Cánachas ar IDP a fuarthas i 2020