Cánachas ar an Íocaíocht Dífhostaíochta Paindéime (IDP)

Cánachas ar IDP a fuarthas i 2020

I rith 2020, níor íoc tú cáin ar do íocaíocht Dífhostaíochta Paindéime (IDP) ón Roinn Coimirce Sóisialaí (RCS) nuair a fuair tú í. Chinntigh sé seo go raibh tú in ann clárú agus íocaíochtaí IDP a fháil chomh gasta is a d'fhéadfaí.

I gcaith 2020, cé nár gearradh cáin ar IDP ag an am, is ioncam incháinithe a bhí i gceist.

Bhí gach dliteanas cánach IDP don bhliain 2020, dlite ag deireadh 2020.

D’fhéadfadh an dliteanas cánach:

  • a bhailiú saor ó ús, trí do chreidmheasanna cánach a laghdú thar cheithre bliana.
  • nuair a íoctar an dliteanas go páirteach, féadfaidh sé go mbailítear an t-iarmhéid saor ó ús thar cheithre bliana.

Tabhair do d'aire

Déanfar gach aisíocaíocht amach anseo a fhritháireamh in aghaidh aon gearríocaíocht cháin dlite, nó dlite, faoi IDP, go dtí go mbeidh sé bailigh go hiomlán.

I mí Eanáir 2021, chuir na Coimisinéirí Ioncaim Réamhráiteas Deireadh Bliana ar fáil duit. Taispeánann an Réamhráiteas Deireadh Bliana an méid seo a leanas:

  • sonraí faoi aon ioncam a fuair tú a thuairiscigh d’fhostóir nó d’fhostóirí
  • an méid iomlan IDP a fuair tú
  • réamháireamh ar do Cháin Ioncaim agus Muirear Sóisialach Uilíoch (MSU) le haghaidh 2020
  • cibé an bhfuil do shuíomh cánach cothrom, gearríoctha nó ró-íoctha don bhliain.

Céard is gá a dhéanamh

Tá deis agat do chúrsaí cánach a thabhairt cothrom le dáta. Féadtar é seo a dhéanamh trí Thuairisceán Cánach Ioncaim a chomhlánú chun an méid seo a dhéanamh:

D’fhéadfadh an faisnéis breise a chuireann tú ar fáil do staid Cánach Ioncaim nó MSU deiridh a athrú.

Céard a tharlóidh má tá Cáin Ioncaim nó MSU dlite le híoc agat?

Féadfaidh tú aon dliteanas Cánach Ioncaim nó MSU a íoc ina iomláine nó i bpáirt tríd an áis ‘Íocaíochtaí/Aisíocaíochtaí’ in moChúrsaí.

De rogha ar sin, baileoidh na Coimisinéirí Íoncaim an dliteanas iomlán, nó aon dliteanas atá fágtha, saor ó ús. Déantar é seo trí do chreidmheasanna cánach a laghdú thar cheithre bliana.

Ar aghaidh: Cánachas ar IDP a fuarthas in 2021 agus 2022