Cánachas ar an Íocaíocht Dífhostaíochta Paindéime (IDP)

Cánachas ar IDP a fuarthas in 2021 agus 2022

Gearradh cáin ar IDP i bhfíor-am le linn 2021 agus 2022. Ciallaíonn sé seo go gearradh cáin ort ar ioncam IDP nuair a íocadh tú. Caithfear le híocaíochtaí IDP a thuilltear in 2021 agus 2022 ar an gcaoi céanna le híocaíochtaí eile incháinithe de chuid an Roinn Coimirce Sóisialaí (RCS).

Chinntigh an próiseas seo gur bailíodh cáin ar an íocaíocht ag an am ceart. Chuir sé teorainn freisin le haon dliteanais bhreise ag deireadh na bliana.

Cuireann an RCS na Coimisinéirí Ioncaim ar an eolas ar bhonn seachtainiúil maidir leis an suim incháinithe IDP a íoctar le gach faighteoir. Ina dhiaidh sin:

  • Bailítear aon cháin dlite trí chreidmheasanna cánach agus banda ráta an duine a laghdú. Chun é seo a dhéanamh, déanann na Coimisinéirí Ioncaim suim bhliantúil an IDP a ‘bhliantúlú’. Ríomhtar é seo tríd an tsuim sheachtainiúil a iolrú faoi 52. Laghdófar na creidmheasanna cánach agus banda ráta bliantúil faoin tsuim seo.
  • Ciallaíonn sé seo go bhfeidhmítear na creidmheasanna cánach agus banda ráta coigeartaithe ar bhonn sheachtain 1.
  • Taispeánfar na hathbhreithnithe ar Dheimhniú Creidmheasanna Cánach an fhostaí. Cuirfear Fógra Párolla na gCoimisinéirí Ioncaim (FPCI) athbhreithnithe ar fáil dá fhostóir.

I bhformhór an gcásanna, ní raibh aon dhliteanas bhreise cánach ag deireadh na bliana 2021. Níor chóir go dtiocfaidh aon dhliteanas breise aníos do 2022.

Measúnú comhpháirteach

Féadfaidh sé go ngearrfar cáin ort faoi mheasúnú comhpháirteach

Laghdófar chreidmheasanna cánach do chéile nó do páirtnéir sibhialta mura bhfuil dóthain creidmheasanna cánach agat chun an laghdú seo a chur i bhfeidhm. Cuireadh sé seo ar chumas na gCoimisinéirí Ioncaim an cháin dlite bhreise a bhailiú.

Ar aghaidh: An próiseas nuair atá deireadh tagtha le híocaíochtaí IDP