Cánachas ar an Íocaíocht Dífhostaíochta Paindéime (IDP)

  1. Léargas ginearálta
  2. Cánachas ar IDP a fuarthas i 2020
  3. Cánachas ar IDP a fuarthas in 2021 agus 2022
  4. An próiseas nuair atá deireadh tagtha le híocaíochtaí IDP

An próiseas nuair atá deireadh tagtha le híocaíochtaí IDP

Níor fheidhmigh na creidmheasanna cánach agus banda ráta coigeartaithe ach ar feadh tréimhse an
IDP amháin. Rinneadh athchoigeartú ar do ghnáth-teidlíochtaí go dtí bonn Sheachtain 1 tar éis gur thuairiscigh an Roinn Coimirce Sóisialaí (RCS) do na Coimisinéirí Ioncaim nach raibh tú ag fáil IDP a thuilleadh. Thug na Coimisinéirí Ioncaim tús áite do phróiseáil na dtuarascálacha ón RCS.

Tá eolas ar an gcaoi le d’Iarratas ar Íocaíocht Dífhostaíochta Paindéime a dhúnadh le fáil ar shuíomh idirlín an RCS.

An fhreagracht atá ort má fhilleann tú ar an obair

Tá sé tábhachtach go gcuireann tú an RCS ar an eolas láithreach má d’fhill tú ar an obair. Cuirfear an fhaisnéis ar aghaidh chuig na Coimisinéirí Ioncaim lena phróiseáil. 

Tá eolas ar an gcaoi le d’Iarratas ar Íocaíocht Dífhostaíochta Paindéime a dhúnadh le fáil ar shuíomh idirlín an RCS.

Tugann an físeán thíos faisnéis phraiticiúil d’fhostaithe a bhí ag filleadh ar fhostaíocht agus a bhí ag fáil IDP in 2021. Imlíníonn sé cad ba choir duit a dhéanamh chun deireadh a chur le híocaíochtaí IDP nuair a chuaigh tú ar ais, nó nuair chuaigh tú i mbun fostaíochta rialta. Soláthraíonn sé samplaí freisin ar conas a gearradh cáin ar do IDP in 2021 agus ar athruithe i leith do chuid creidmheasanna agus bandaí ráta.

Tabhair do d'aire

Baineann an nós imeachta céanna le 2022.

Prótacail um fhilleadh ar obair na Coimisinéirí Ioncaim, Aibreán 2021.