Custaiméirí ÍMAT – Próiseas deireadh bliana
Réamhráiteas Deireadh Bliana
Chun féachaint ar do Réamhráiteas Deireadh Bliana, ní mór duit:
- sínigh isteach ar MoChúrsaí agus an Fíorú Dhá Chéim (2FA) a chomhlánú
- Cliceáil ar an nasc ‘Déan athbhreithniú ar do cháin 2019-2022’ faoin gcluaisín Seirbhísí ÍMAT
- roghnaigh an bhliain chánach cuí agus iarr Ráiteas Dliteanais.
Beidh do réamhthoradh le feiceáil ar bharr an chéad leathanach eile.
Is réamháireamh é seo amháin. Taispeánfaidh sé má tá an tsuim cheart chánach agus Muirear Sóisialach Uilíoch (MSU) don bhliain íoctha agat. Tá sé bunaithe ar an bhfaisnéis atá ar an taifead ag na Coimisinéirí Ioncaim. Beidh an Íocaíocht Dífhostaíochta Paindéime ón Roinn Coimirce Sóisialaí san áireamh sa Réamhráiteas Deireadh Bliana le haghaidh 2021.
Más mian leat Ráiteas Dliteanais a fháil, ní mór duit Tuairisceán Cánach Ioncaim a chomhlánú.
Ar aghaidh: Tuairisceán Cánach Ioncaim