Custaiméirí ÍMAT – Próiseas deireadh bliana

Ráiteas Dliteanais

Ráiteas Dliteanais i leith 2019 agus blianta ina dhiaidh a iarraidh

Chun Ráiteas Dliteanais a fháil, is gá Tuairisceán Cánach Ioncaim a chomhlánú.

Féadfaidh tú teacht ar do Thuairisceán Cánach Ioncaim trí na céimeanna seo a leanas a thógáil:

  • Sínigh isteach ar moChúrsaí agus an Fíorú Dhá Chéim (2FA) a chomhlánú.
  • Roghnaigh ‘Déan athbhreithniú ar do cháin 2019 - 2022’ faoin gcluaisín Seirbhísí ÍMAT.
  • Ráiteas Dliteanais don bhliain a iarraidh.
  • Roghnaigh ‘Comhlánaigh Tuairisceán Cánach Ioncaim’.

Mura bhfuil tú in ann moChúrsaí a úsáid, ní mór duit Tuairisceán Cánach Ioncaim Páipéir a chomhlánú agus a thíolacadh le Ráiteas Dliteanais a fháil.

Físeán ar 'Cén chaoi le féachaint ar do Ráiteas Dliteanais'. Chun féachaint ar fhíseáin ar revenue.ie, is gá duit athbreithniú a dhéanamh ar fhianáin YouTube agus glacadh leo.

Físeán ar 'Cén chaoi le féachaint ar do Ráiteas Dliteanais lena n-áirítear Íocaíochtaí Paindéime'.

Cén chaoi le féachaint ar do Ráiteas Dliteanais?

Gheobhaidh tú ríomhphost chun thú a chur ar an eolas go bhfuil doiciméad neamhléite agat in Mo Chuid Doiciméad in moChúrsaí.

De ghnáth, beidh sé ar fáil tar éis cúig lá oibre. Chun teacht air seo, ní mór duit:

  • Sínigh isteach ar moChúrsaí agus an Fíorú Dhá Chéim (2FA) a chomhlánú.
  • Cliceáil ar ‘Mo Chuid Doiciméad’ ar bharr leathanach baile moChúrsaí.
  • An fillteán don bhliain chuí a roghnú ón scáileán ‘Achoimre’.
  • Cliceáil ‘Féach ar PDF’ chun breathnú ar an Ráiteas Dliteanais.

Teorainneacha ama ar athbhreithniú

Ní mór iarratais ar Ráiteas Deireadh Bliana agus tíolacthaí a dhéanamh taobh istigh de cheithre bliana ó dheireadh na bliana cánach lena mbaineann an t-éileamh. Féadtar Ráiteas Dliteanais a iarraidh do na blianta 2019 go 2022 a iarraidh i láthair na huaire.

Ar aghaidh: An chaoi a bhfaighfear aisíocaíocht má tá ceann dlite duit