Cén chaoi le Tuairisceán Cánach Ioncaim ÍMAT a thíolacadh

An chaoi a bhfaighfear aisíocaíocht má tá ceann dlite duit

moChúrsaí - Tá sé tapa. Tá sé éasca. Agus tá sé saor in aisce.

Má léiríonn do Ráiteas Dliteanais go bhfuil aon Cháin Ioncaim nó Muirear Sóisialach Uilíoch (MSU) ró-íoctha agat, beidh aisíocaíocht dlite duit. Aistreofar d'aisíocaíocht go díreach chuig sonraí an chuntais bainc ar do thaifead de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim laistigh de thrí nó cúig lá oibre. Tá sé tábhachtach a sheiceáil go bhfuil sonraí do chuntais bainc ceart. Féadtar do shonraí bainc a athbhreithniú agus a chur ar fáil in:

  • ‘Mo Phróifíl’ in moChúrsaí
  • nuair atá do Thuairisceán Cánach Ioncaim Íoca Mar a Thuillir (ÍMAT) á comhlánú agat.

De rogha air sin, gheobhaidh tú seic tríd an bpost.

Tabhair do d’aire

Tá sonraí agus eolas faoin bpolasaí cosanta sonraí ar fáil inár rannán Cosaint Sonraí.

Aisíocaíocht do lánúin faoi bhonn measúnaithe chomhpháirtigh

Má tá tú faoin mbonn measúnaithe chomhpháirtigh, déanfar aisíocaíochtaí le gach duine i gcomhréir leis an tsuim chánach a d’íoc siad féin.

Sampla

Tá Aindriú agus Máire pósta agus tá siad faoin mbonn measúnaithe chomhpháirtigh. Is é Aindriú an céile inmheasúnaithe.

In 2022, d’íoc siad €16,000 i cáin. D’íoc Aindriú €10,000 agus d’íoc Máire €6,000.

Ag deireadh na bliana, rinne Aindriú éileamh ar aisíoc cánach i leith costais sláinte. Tá aisíocaíocht €400 dlite.

An chaoi a n-íoctar an aisíocaíocht

 

Comhréir na cánach íoctha

Suim na haisíocaíochta

Aindriú

62.5%

(€10,000/€16,000 x 100)

€250

(62.5% de €400)

Máire

37.5%

(€6,000/€16,000 x 100)

€150

(37.5% de €400)

Ar aghaidh: Céard atá le déanamh má tá Cáin Ioncaim nó MSU gearríoctha agat