Custaiméirí ÍMAT – Próiseas deireadh bliana

Achoimre Sonraí Fostaíochta

Ó mí Eanáir 2023, bhí teacht agat ar Achoimre Sonraí Fostaíochta le haghaidh 2022 in moChúrsaí. Féadtar teacht air tríd an nasc 'Déan athbhreithniú ar do cháin’ faoin gcluaisín ‘Seirbhísí ÍMAT’.

Beidh do shonraí pá agus asbhaintí reachtúla don bhliain seo mar a thuairiscigh d'fhostóir nó do sholáthraí pinsin iad, ar fáil san achoimre seo. Féadtar PDF den Achoimre Sonraí Fostaíochta a chruthú le féachaint air nó le priontáil más gá. Féadtar an doiciméad a úsáid mar chruthúnas ar ioncam do thríú páirtithe chomh maith.

Tabhair do d’aire

Ag tagairt don fhíseán thíos, rinneadh an rogha 'Déan athbhreithniú ar do cháin 2017-2020' a nuashonrú go dtí 'Déan athbhreithniú ar do cháin 2019-2022' ó shin.

Físeán ar 'Cén chaoi le féachaint ar d’Achoimre Sonraí Fostaíochta’

Físeán ar 'Cén chaoi le féachaint ar d’Achoimre Sonraí Fostaíochta, lena n-áirítear Íocaíocht Paindéime'

Chun féachaint ar d’Achoimre Sonraí Fostaíochta, sínigh isteach ar moChúrsaí ar revenue.ie agus déan na céimeanna seo a leanas a leanúint:

  • Roghnaigh ‘Déan athbhreithniú ar do cháin 2019-2022 ar an gcluaisín ‘Seirbhísí ÍMAT’.
  • Ar an gcluaisín Achoimre Sonraí Fostaíochta, roghnaigh “Féach ar”.
  • Chun féachaint ar shonraí faisnéise i leith poist nó pinsin áirithe, lena n-áirítear tíolacthaí párolla, roghnaigh ‘Féach ar Shonraí Poist/Pinsin’.
  • Chun leagan PDF den Achoimre Sonraí Fostaíochta a chruthú, roghnaigh ‘Cruthaigh Doiciméad’.
  • Más mian leat féachaint ar d’Achoimre Sonraí Fostaíochta, é a phriontáil nó a shabháil, roghnaigh an cnaipe ‘Mo Chuid Doiciméad’.

Ar aghaidh: Réamhráiteas Deireadh Bliana