Cén chaoi le Tuairisceán Cánach Ioncaim ÍMAT a thíolacadh

Léargas ginearálta

moChúrsaí - Tá sé tapa. Tá sé éasca. Agus tá sé saor in aisce.

Clúdaíonn an rannán seo an chaoi a bhféadann custaiméirí Íoca Mar a Thuillir (ÍMAT) an méid seo a dhéanamh:

  • féachaint ar achoimre sonraí fostaíochta
  • féachaint ar Réamhráiteas Deireadh Bliana
  • Tuairisceán Cánach Ioncaim ÍMAT a chomhlánú
  • agus
  • Ráiteas Dliteanais a iarraidh.

Más cáiníocóir ÍMAT thú, ba chóir duit Tuairisceán Cánach Ioncaim ÍMAT a chomhlánú agus a thíolacadh gach bliain. Is é an bealach is tapúla chun do Thuairisceán Cánach Ioncaim ÍMAT a thíolacadh ná ar líne trí MoChúrsaí.

Is gá duit Tuairisceán Cánach Ioncaim ÍMAT a chomhlánú chun:

  • creidmheasanna cánach nó faoisimh amhail Costais Sláinte, Creidmheas Cánach Cíosa agus Faoiseamh Cianoibre a éileamh
  • ioncam breise a dhearbhú
  • agus
  • Ráiteas Dliteanais a fháil.

Féach ar an bhfíseán seo chun cabhair a fháil chun do Thuairisceán Cánach Ioncaim a thíolacadh:

Tabhair do d’aire

Ag tagairt don fhíseán thíos, rinneadh an rogha 'Déan athbhreithniú ar do Cháin 2017-2020' a nuashonrú ó shin go dtí 'Déan athbhreithniú ar do Cháin 2020-2023'.

Ar aghaidh: Achoimre Sonraí Fostaíochta