Slándáil

moChúrsaí agus Fíorú Dhá Chéim (2FA)

Áirítear le moChúrsaí anois Fíorú Dhá Chéim (2FA), cuirfidh sé seo sraith slándála breise le do chuntas ar líne. Oibríonn sé trí chód aonuaire a sheoladh chuig d’fhón póca gach uair a logálann tú isteach. Is gá é seo a chur ar fáil in éineacht le do shonraí logála isteach de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim chun logáil isteach ar moChúrsaí.

Comhlánaigh na céimeanna seo a leanas chun Fíorú Dhá Chéim a chumasú

Céim 1: ‘Sínigh Isteach’ ar moChúrsaí le do UPSP, Dáta Breithe agus Pasfhocal.

Céim 2: Roghnaigh an rogha chun Fíorú Dhá Chéim a chumasú.
Cuir d’Uimhir Fóin agus do Sheoladh Ríomhphoist Athshlánaithe ar fáil. Roghnaigh agus Freagair 3 Cheist Slándála. (Tá na freagraí cásíogair)

Céim 3: Seolfar téacs leis an gcód fíoraithe chuig d’uimhir fóin.

Céim 4: Cuir an Cód Fíoraithe isteach ar an scáileán Cóid Logála Isteach Shlán.

Céim 5: Roghnaigh ‘Fíoraigh cód’.

Céim 6: Glactar leis go gur éirigh leis an bhFíorú Dhá Chéim agus go bhfuil sé slán tar éis an chóid a fhíorú.

  • Cabhraíonn an Fíorú Dhá Chéim d’aitheantas a fhíorú, déanann sé an próiseas logála isteach níos sláine agus cabhraíonn sé le bac a chur ar haiceálaithe teacht ar d’eolas pearsanta.
  • Ní mór do chustaiméirí a n-uimhir fóin pearsanta agus a gcuid seoltaí ríomhphoist a chur ar fáil, agus ní mór dóibh trí Cheist Slándála a shocrú suas chomh maith.
  • Is iad seo a leanas an dá chéim fíoraithe éagsúla:
    • An Chéad Chéim: UPSP, Dáta Breithe & Pasfhocal
    • An Dara Chéim: Pasfhocal Aonuaire a seoltar trí théacs chuig an bhfón.
  • Tá an cód fíoraithe a seoltar chuig an uimhir fóin nó an seoladh ríomhphoist bailí ar feadh 5 nóiméad.
  • Má tá tú tar éis d’uimhir fóin a athrú, roghnaigh ‘Níl teacht agam ar an bhfón seo’ le linn an phróisis logála isteach agus seolfar an cód fíoraithe chuig do sheoladh ríomhphoist athshlánaithe.
  • Tar éis duit ‘Síniú Isteach’ ar moChúrsaí, beidh an rogha Fíorú Dhá Chéim ar fáil.
  • Teastaíonn fóin póca agus seoladh ríomhphoist le haghaidh Clárúcháin moChúrsaí agus Fíorú Dhá Chéim. Féadfaidh sé go bhfuil do shonraí teagmhála ar an taifead againn cheana, ach is mian linn a chinntiú go bhfuil na sonraí cearta againn.

Leis an seoladh ríomhphoist, féadtar logáil isteach ar moChúrsaí tríd an bhFíorú Dhá Chéim mura bhfaigheann tú an cód fíoraithe chuig d’fhón, nó go n-athraíonn do d’uimhir fóin.

Ar aghaidh: Slándáil Sheirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS)